Skip to main content

September

Wainfest 2025 Seolta i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Date: 18 MFómh 2025

Cultúr

Wainfest 2025 Seolta i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

 Daltaí scoile, foireann na Leabharlann agus aíonna i gcuideachta an Chomhairleora Pauric McGarvey, Leas-Chathaoirleach ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach ag seoladh Wainfest i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Daltaí scoile, foireann na Leabharlann agus aíonna i gcuideachta an Chomhairleora Pauric McGarvey, Leas-Chathaoirleach ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach ag seoladh Wainfest i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Seoladh Wainfest, féile bhliantúil ealaíon agus leabhar do leanaí Dhún na nGall a bhfuil an-tóir uirthi, go hoifigiúil inniu i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha leis an téama spreagúil  'Do Ghlór, Do Rogha'. Cuireann téama na bliana seo peirspictíochtaí leanaí i gcroílár na féile, rud a chuireann ar a gcumas a gcuid smaointe, tuairimí agus cruthaitheachta a roinnt i dtimpeallacht thacúil spreagúil.

Beidh an fhéile ar siúl ón 4-12 Deireadh Fómhair, agus geallann Wainfest 2025 go mbeidh ceiliúradh bríomhar ar chruthaitheacht, ar shamhlaíocht, agus ar an tábhacht a bhaineann le héisteacht le guthanna óga, i gceist. Beidh os cionn 100 imeacht saor in aisce ar siúl ar fud Dhún na nGall do scoileanna agus do theaghlaigh, chomh maith le clár ar líne; tá rud éigin ann ar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as.

Anois ina 29ú bliain, tá Wainfest ina bhunchloch den saol cultúrtha sa chontae, ag tabhairt deis do leanaí dul i ngleic le scéalta, le ceol, le hamharclannaíocht, le healaín, le damhsa agus le go leor ceardlann idirghníomhach. 

Ag labhairt di ag an seoladh, mhol an Leabharlannaí Feidhmiúcháin, Sinéad McLaughlin, téama fhéile na bliana seo, agus dúirt sí: “Is éard a bhí i gceist le Wainfest i gcónaí ná samhlaíocht a spreagadh agus spás a thabhairt do dhaoine óga le páirt a ghlacadh ann. I mbliana, in éineacht le 'Do Ghlór, Do Rogha', táimid ag déanamh níos mó leis an tiomantas sin a chur chun cinn, ag cinntiú go bhfuil a fhios ag leanaí caidé is ábhar do ghuthanna ann, rud a ligeann dóibh a smaointe a roinnt, iad féin a chur in iúl gan aon bhac agus mothú go gcluintear iad. 

Lena chois sin, thug sí aitheantas d'obair Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall as seirbhís saor in aisce agus inrochtana a chur ar fáil d’achan duine, ag cur béime ar an méid seo a leanas: "Cuireann Leabharlanna eolas, rochtain ar an idirlíon agus siamsaíocht ar fáil tríd an iliomad leabhar agus tríd na cláir éagsúla, chomh maith le hacmhainní eile gan áireamh a bheadh doiligh a aimsiú nó íoc astu."

I measc buaicphointí Wainfest na bliana seo beidh:

·        Scéalaíocht agus Imeachtaí Údar – Deis do léitheoirí óga bualadh le cuid de na scríbhneoirí agus de na maisitheoirí is mó a bhfuil meas orthu in Éirinn.

·        Ceardlanna Cruthaitheacha – Uirlisí a thabhairt do leanaí chun go mbeidh siad in ann dul i ngleic lena gcuid scéalta, guthanna agus buanna ealaíne féin.

·        Léirithe Beo – Ó dhamhsa go ceol, chun lucht féachana óg a spreagadh chun cruthaitheachta.

·        Imeachtaí atá fóirsteanach don Teaghlach – Gníomhaíochtaí atá deartha chun leanaí, tuismitheoirí agus pobail a thabhairt le chéile.

Tar éis an tseolta, fuair scoileanna cóip leictreonach den bhróisiúr agus is féidir le teaghlaigh amharc ar chlár iomlán na n-imeachtaí atá beartaithe trí bhróisiúr a phiocadh suas ina leabharlann nó ina n-ionad cultúrtha áitiúil. Tá an clár ar fáil ar ár suíomh gréasáin fosta www.wainfest.ie  


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 21 Samh 2025

An Óige i réim i gComórtas Óráidíochta Poiblí Europe Direct

Bhí an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn lán go doras ar an Aoine 7 Samhain do chraobh réigiúnach de Chomórtas Óráidíochta Poiblí Europe Direct Soapbox. Bhí 37 scoláire as scoileanna ar fud an chontae san iomaíocht agus bhí ardchaighdeán amach is amach ann. Tá moladh mór tuillte ag gach duine a ghlac páirt sa chomórtas.

Image text description

Date: 20 DFómh 2025

Cnuasach úr Scríbhinní in Ómós do Frances Browne, curtha i dtoll a chéile le Guthanna ó Scríbhneoirí Lagamhairc de chuid na hÉireann

Ba i Leabharlann an Dá Bhaile, Srath an Urláir, Dé hAoine seo chuaigh thart, an 10 Deireadh Fómhair, a reáchtáladh seoladh oifigiúil Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight, cnuasach ar leith dánta agus scéalta ina gceiliúrtar an chruthaitheacht atá le fáil i measc scríbhneoirí lagamhairc ar fud na hÉireann. Bhí an seoladh mar chuid d’Fhéile Litríochta Frances Browne, féile a thugann ómós do shaol agus do shaothar Frances Browne, “Banfhile Dall Uladh”.

Image text description

Date: 16 DFómh 2025

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am. Is mór ag an ghrúpa Eoraip Dhíreach Leitir Ceanainn agus Comhairle Contae Dhún na nGall bheith i mbun rannpháirtíochta le Michelle Murphy ón Choimisiún um Aistriú Cóir le haghaidh ceardlann ar Chéad Tuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hAthrú Aeráide.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)