Skip to main content

April

Breis agus €243,000 le Séadchomharthaí Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall a chaomhnú

Date: 20 Aib 2026

Oidhreacht

Breis agus €243,000 le Séadchomharthaí Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall a chaomhnú

Fuair Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh maoiniú arís i mbliana chun leanúint lena gcuid oibre chun na ballóga ag Mainistir Easa Ruaidh, séadchomhartha seandálaíochta in aice le Béal Átha Seanaidh, a neartú agus a chaomhnú
Fuair Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh maoiniú arís i mbliana chun leanúint lena gcuid oibre chun na ballóga ag Mainistir Easa Ruaidh, séadchomhartha seandálaíochta in aice le Béal Átha Seanaidh, a neartú agus a chaomhnú

Tá maoiniú faoi Chiste Séadchomharthaí Pobail 2026 le dul chun tairbhe do shéadchomharthaí seandálaíochta i gContae Dhún na nGall, mar go bhfuil liúntas iomlán €243,737 i ndiaidh a bheith bronnta chun tacú le hoibreacha caomhnaithe, cothabhála, inrochtaineachta agus léirmhínithe ag cuid de na suíomhanna is suntasaí stair sa chontae. Is tionscnamh de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta é an Ciste Séadchomharthaí Pobail, sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus é á chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla, Comhairle Contae Dhún na nGall ina measc.

Le maoiniú na bliana seo, cuideofar le deisiúcháin riachtanacha, le pleananna um bainistiú caomhnaithe a fhorbairt, agus le tionscadail a chuireann le seasmhacht na séadchomharthaí i gcoinne éifeachtaí ón athrú aeráide. Úsáidfear é fosta chun tacú le hiarrachtaí le rochtain an phobail a fheabhsú agus chun cur leis an tuiscint atá ag daoine ar an oidhreacht shaibhir seandálaíochta atá againn i nDún na nGall. 

Seo a leanas na cúig iarrasatóir ar éirigh leo i gContae Dhún na nGall don bhliain 2026:

  • Coiste Forbartha Dhobhair Teo. fá choinne oibreacha caomhnaithe ag an tseaneaglais agus reilig, Machaire Gathlán, Gaoth Dobhair (€70,935); 
  • Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh fá choinne deisiúcháin riachtanacha agus obair chaomhnaithe ar bhallóga Mhainistir Easa Ruaidh, Béal Átha Séanaidh (€91,615);
  • Grúpa Oidhreachta agus Pobail Loch Iascaigh fá choinne Plean um Bainistiú Caomhnaithe a ullmhú do Chaisleán Uí Dhomhnaill, Diméin Loch Iascaigh (€29,839);
  • Pobal Dhún Cionnaola (CTR) fá choinne Conair Oidhreachta Dhigiteach Dhún Cionnaola a chruthú (€21,402); agus
  • Grúpa Staire agus Oidhreachta GAP Dhún na nGall (CTR) fá choinne Plean Bainistithe Rochtana do Chuairteoirí a ullmhú maidir leis an Dún, Port Nua (€29,945).

"Soláthraíonn an Ciste Séadchomharthaí Pobail maoiniú 100% chun tacú le séadchomharthaí seandálaíochta a chosaint, a chothabháil nó a chur chun cinn i gContae Dhún na nGall" a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. "Tá an scéim ar fáil do ghrúpaí pobail, caomhnóirí agus úinéirí talún ar fud an chontae atá tiomanta don oidhreacht seandálaíochta a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá breis agus 3,400 séadchomhartha á gcosaint faoi na hAchtanna Séadchomharthaí Náisiúnta i gContae Dhún na nGall agus tá gach ceann acu sin incháilithe le bheith curtha san áireamh sa scéim. Is scéim iontach iomaíoch í agus is léiriú é sin ar cé chomh mór agus atá an dúshlán atá romhainn lenár séadchomharthaí seandálaíochta a chosaint agus a chaomhnú. Ó cuireadh tús leis, thacaigh an Ciste Séadchomharthaí Pobail le 30 tionscadal i gContae Dhún na nGall trí mhaoiniú carnach de bhreis agus €1,440,000.”

Na hoibreacha caipitil agus na tuairiscí ar fad a bhfuarthas maoiniú dóibh faoin scéim, is gá go mbeidh siad curtha i gcrích faoi thús Dheireadh Fómhair 2026. Beidh Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Músaem an Chontae ag cur treoir agus tacaíocht ar fáil do na hiarratasóirí le linn dóibh a gcuid tionscadal a chur i gcrích. Dá mba mhaith leat a fháil amach faoi shéadchomharthaí seandálaíochta atá ar eolas i do cheantar féin nó ar do thalamh féin, is féidir leat dul i gcomhairle le suíomh gréasáin Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag www.archaeology.ie 

Is gá cead a fháil roimh ré ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta fá choinne aon oibreacha a dhéanfar ar shéadchomhartha seandálaíochta, nó in aice leis. Más úinéir nó caomhnóir thú ar shéadchomhartha seandálaíochta nó ar shuíomh stairiúil, nó má tá tú páirteach i ngrúpa pobail ar mhaith leo a n-oidhreacht seandálaíochta áitiúil a chaomhnú, tá comhairle ar fáil ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall trí ríomhphost ag heritage@donegalcoco.ie nó ar (074) 917 2576.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 20 Aib 2026

Breis agus €243,000 le Séadchomharthaí Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall a chaomhnú

Tá maoiniú faoi Chiste Séadchomharthaí Pobail 2026 le dul chun tairbhe do shéadchomharthaí seandálaíochta i gContae Dhún na nGall, mar go bhfuil liúntas iomlán €243,737 i ndiaidh a bheith bronnta chun tacú le hoibreacha caomhnaithe, cothabhála, inrochtaineachta agus léirmhínithe ag cuid de na suíomhanna is suntasaí stair sa chontae. Is tionscnamh de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta é an Ciste Séadchomharthaí Pobail, sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus é á chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla, Comhairle Contae Dhún na nGall ina measc

Image text description

Date: 13 Aib 2026

Tacaíocht d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú

Tá tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme i gContae Dhún na nGall a chaomhnú faoi Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme atá á riar ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is é is aidhm le Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme a chinntiú go gcaomhnaítear, fá choinne úsáid talmhaíochta, foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir ghaolmhara eile a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus a bhfuil luach oidhreachta leo. Ní ghlacfar ach le hiarratais ar líne agus is é 5pm Dé Luain 18 Bealtaine an dáta deiridh chun iarratais ar an scéim deontais a fháil. Feirmeoirí a bhfuil sé i gceist acu cur isteach ar scéim na bliana seo, moltar dóibh freastal ar sheimineár gréasáin gairid ar 12 meán lae Dé hAoine 17 Aibreán. Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag www.heritagecouncil.ie agus ar (086) 025 9202.

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)