Date: 20 Aib 2026
Buaiteoirí Chomórtas Ealaíne um Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall Fógartha
Tá buaiteoirí Chomórtas Ealaíne um Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall 2026 fógartha ag Comhairle Contae Dhún na nGall (CCD) i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus Cumann Peile Chláirsigh na Finne. “Ag trasnú an Bhóthair go Sábháilte” an téama a bhí ann i mbliana, agus fuarthas breis agus 900 iontráil ó dhaltaí bunscoile ar fud Chontae Dhún na nGall.
Tá an phríomhdhuais i mbliana bainte ag Vironika Shpyl, dalta sinsearach i Scoil Náisiúnta Seiseadh Uí Neill. Bronnfar taibléad agus ciseán ealaíne ar an bhuaiteoir, agus tabharfar trealamh traenála don scoil chomh maith le seisiún cóitseála le cóitseálaithe ó Chumann Peile Chláirsigh na Finne.
Beidh an saothar ealaíne mar chuid den chomharthaíocht fógraíochta i bPáirc na Finne chun sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, beidh an píosa ealaíne ar taispeáint in Ollmhargaí Kernan’s.
Ghabh Pamela Smullen ó Chomhaire Contae Dhún na nGall buíochas leis na daltaí uilig agus leis na scoileanna a ghlac páirt sa chomórtas:
“Chuir go leor daltaí suim ann i mbliana. Bhí teachtaireachtaí láidre sna saothair ealaíne, faoi bheith ar an airdeall ag tarraingt ar bhóithre, ag trasnú an bhóthair go sábháilte agus clogad agus éadaí ardfheiceálacha a chaitheamh agus tú i mbun rothaíochta agus ag siúl. A bhuíochas don tionscadal seo, cuirtear ardán tábhachtach ar fáil chun labhairt faoi shábháilteacht ar bhóithre i seomraí ranga ar fud an chontae agus chun aird a tharraingt ar na dóigheanna chun muid a choinneáil sábháilte ar ár mbóithre. Trí na teachtaireachtaí seo a chur i mbéal an aosa óig, thig linn nósanna ar feadh an tsaoil a chothú iontu. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na daltaí uilig a ghlac páirt ann, do na múinteoirí agus scoileanna a thacaigh leis an tionscadal tábhachtach seo ar shábháilteacht ar bhóithre, agus le Cumann Peile Chláirsigh na Finne as a gcomhpháirtíocht leanúnach.”
Dúirt Kevin McHugh, Ceannasaí ar Acadamh Chláirsigh na Finne, “Is mór ag Cláirsigh na Finne an rannpháirtíocht, bhí ardú ar líon na n-iontrálacha i mbliana agus tá an comórtas ag dul ó neart go neart. Thug sé le fios gur mór an fonn atá ar Chláirsigh na Finne bheith ag obair i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus le Comhairle Contae Dhún na nGall chun aird a tharraingt ar shábháilteacht ar bhóithre.
Inár nAcadamh, tá muid ag iarraidh dea-nósanna a chothú iontu, ionas go mbeidh siad ina ngnáthnósanna acu, agus tá an comórtas seo ag cur feasachta chun cinn, tá muid ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh i gcás sábháilteacht cois bóthair/trasrianta coisithe, ag cinntiú nach gcuireann ár nguthán póca isteach orainn, ag caitheamh éadaí ardfheiceálacha agus an tábhacht a bhaineann le clogaid chuí a chaitheamh agus muid ar rothar nó ar scútar a chur chun cinn.”
Bronnfar ciseán ealaíne ar bhuaiteoirí na gcatagóirí as a gcruthaitheacht agus as na teachtaireachtaí láidre ar shábháilteacht ar bhóithre. Seo a leanas na scoileanna ina bhfuil na buaiteoirí eile:
- Maigh Rua S.N, Dún Fionnachaidh
- Gaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceannain
- S.N Chloch Fhionn, Baile an Droichid
- Scoil Naomh Fiachra, Eileastran
- S. N Naomh Aonghus, Ceann an Droichid
Buíochas mór do na hiarratasóirí agus do na scoileanna uilig as sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn sa seomra ranga.