Date: 24 Aib 2026
Ó Dhún na nGall chun na Gaimbia: Tabhartais Phobail ag Spreagadh Oideachais agus Inbhuanaitheachta
Tá bród orainn i gComhairle Contae Dhún na nGall tacú leis an tionscnamh Rothair don Afraic i mbliana, atá á chur i gcrích i gcomhpháirt le Cumann Rotary Leitir Ceanainn agus Bryson Recycling. Faoin scéim, iarrtar ar theaghlaigh agus ar líonta tí ar fud Dhún na nGall rothair ar chaighdeán maith a bhronnadh, rothair ar féidir iad a athchóiriú agus a sheoladh chuig pobail san Afraic mar a dtig le rochtain ar iompar iontaofa athrú ó bhonn a dhéanamh maidir le deiseanna oideachais, cúraim sláinte agus fostaíochta.
Nuair a chuireann siad rothar nach bhfuil á úsáid ar fáil, tá cónaitheoirí de chuid Dhún na nGall ag cuidiú le saolré acmhainní luachmhara a fhadú, ag tacú le hinbhuanaitheacht dhomhanda agus ag laghdú dramhaíola i gcomhréir le spriocanna geilleagair chiorclaigh an Chontae. Tríd an tionscnamh leanúnach fhadbhunaithe seo, déantar athchóiriú iomlán ar rothair neamhúsáidte as gach cearn de Dhún na nGall.
Sa bhliain is déanaí seo den scéim, iarrtar ar bhaill den phobal rothair nach bhfuil de dhíth níos mó ach atá in-athchóirithe a thabhairt chuig aon cheann de na 6 Ionad Athchúrsála de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an Lathaigh, ar an Chlochán Liath, i gCarn Domhnach, i Srath an Urláir, i Leitir Ceanainn agus i mBaile na nGallóglach i rith na bliana.
Bailíodh 150 rothar ó Ionad Athchúrsála Bhaile na nGallóglach agus tugadh iad go Teach an Locháin, Co. an Chabháin, áit a ndéanfar iad a athchóiriú sula seolfar ar long iad chun na Gaimbia chun modh iompair a sholáthar do pháistí scoile ansin lena n-athrófar a saol ar fad.
Tá Dún na nGall ar cheann amháin de roinnt contaetha éagsúla atá ag glacadh páirte go náisiúnta agus leis an tacaíocht leanúnach ón phobal cinntítear go mbeidh rath ar an togra agus go mbeidh tionchar fadtéarmach aige thar lear. Tá na mílte scoláire agus ball pobail i ndiaidh tacaíocht a fháil ón scéim seo trí mhodh iompair fóirsteanach a sholátharchun achair fhada a thaisteal ar scoil i gcúinsí dúshlánacha.
Agus é ag caint faoin tionscnamh seo, d’fháiltigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Paul Canning, roimh leanúint ar aghaidh na comhpháirtíochta an-rathúil seo:
“Is eiseamláir iontach í an tionscnamh Rothair don Afraic den chomhoibriú pobail, den inbhuanaitheacht á cur i ngníomh agus de chumhacht na hathúsáide. Le gach rothar a bhronntar, tugtar deis do scoláire óg chun rochtain a dhéanamh ar oideachas ar bhealach níos fusa agus tacaítear chomh maith le deiseanna foghlamtha agus athshlánúcháin abhus in Éirinn.”
Lorgaítear rothair atá láidir agus téagartha, a thig cur suas le tír-raon garbh, atá ag fóirstean do dhaltaí bunscoile agus meánscoile agus a bhfuil méid rotha 24” acu, a bhfuil bail réasúnta orthu agus a bhfuil boinn de chineál rothar sléibhe orthu.
Molann an tAonad um Ghníomhú ar son na hAeráide do dhaoine aonair, do theaghlaigh, do scoileanna agus do choistí pobail a bheith páirteach sa tionscnamh mórthionchair seo.
“Mar thoradh ar an scéim seo, laghdaítear an dramhaíl go háitiúil agus cuirtear chun cinn na spriocanna geilleagair chiorclaigh a leagtar amach i dtosaíochtaí na Comhairle maidir le Gníomhú ar son na hAeráide. Mar thoradh ar thabhartas a dhéanamh inniu, tá an pobal ag cuidiú le dramhaíl a laghdú, athúsáid a chur chun cinn agus tacú le hoideachas domhanda ar dhóigh ina léirítear tiomantas láidir Dhún na nGall don ghníomhú ar son na haeráide” a dúirt Rosita Mahony, Oifigeach Feasachta Comhshaoil le Comhairle Contae Dhún na nGall.
Thig le cónaitheoirí rothair a thabhairt isteach ó thús deireadh na bliana ag aon cheann de na hIonaid Athchúrsála i gContae Dhún na nGall. Tá uaireanta oscailte agus suíomhanna ar fáil ag www.donegalcoco.ie agus https://brysonrecycling.org/ireland/donegal-county-council