Skip to main content

February

Seoladh ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’

Date: 09 Feabh 2026

Cultúr

Seoladh ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’

Is mór ag Músaem Chontae Dhún na nGall agus Seirbhís Cartlainne an Chontae a fhógairt go bhfuil a dtogra is deireanaí ar a dtugtar ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’ seolta. Is togra idirchultúrtha é atá bunaithe ar bhéaloideas agus oidhreacht agus a bhfuil sé mar aidhm aige léargas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na heispéiris éagsúla imirce atá ag pobail ar fud Chontae Dhún na nGall.

Is í an eagraíocht ‘Workhouse Union’ atá á stiúradh i gcomhpháirt le Músaem agus Seirbhísí Cartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall. Déanfar scéalta faoin imirce a bhailiú, a chaomhnú agus a roinnt trí mhodhanna rannpháirtíochta cruthaitheacha atá bunaithe ar na healaíona agus a dhéanann cíoradh ar scileanna traidisiúnta, ar chultúr dobhraite, agus ar cheardaíocht mar thúsphointe le haghaidh scéalta agus cultúr a mhalartú. Mar chuid den togra iontach agus éagsúil seo, beidh comhoibriú ar bun idir Workhouse Union agus grúpaí áitiúla ar fud Dhún na nGall.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Workhouse Union ag hello@workhouseunion.com.
Tá an togra seo arna thacú ag PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (SEUPB).


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)