Date: 20 Feabh 2026
Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall
Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.
Is é Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig a dhéanfas Seachtain na Gaeilge sa chontae a sheoladh go hoifigiúil. Beidh baill de Choiste na Gaeilge sa Chomhairle agus oifigigh eile ó Rannóg na Gaeilge agus ón tSeirbhís Leabharlainne i láthair fosta.
Tá an fhéile seo, a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear ar an cheiliúradh is mó ar ár dteanga agus ar ár gcultúr dúchais. Tugann an fhéile deis do dhaoine sult a bhaint as imeachtaí Gaeilge a fhreastalaíonn ar achan chumas teanga - idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal.
Is bunscoil lánGhaelach í Gaelscoil na gCeithre Máistrí a bunaíodh sa bhliain 1999 chun freastal ar éileamh do bhunoideachas trí mheán na Gaeilge i mBaile Dhún na nGall. Tá an scoil ag dul ó neart go neart ó shin a bhuíochas don ghrúpa tuismitheoirí agus do na Gaeil sin a raibh fís acu ag an am. Ní raibh baile buan ag pobal na scoile go dtí gur tógadh foirgneamh úrnua anuraidh. Tá ról lárnach ag an scoil i mbuanú agus i neartú na Gaeilge i mBaile Dhún na nGall – baile atá i mbun próiseas pleanála teanga faoi láthair.
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl go hIdirnáisiúnta ó 1 - 17 Márta 2026 agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge beartaithe ag Rannóg na Gaeilge agus ag an tSeirbhís Leabharlainne sa Chomhairle Contae le cois grúpaí pobail eile ar fud Chontae Dhún na nGall. I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl beidh Ceardlann Garraíodóireachta le Deirdre Ní Bhraonáin, ceiliúradh ar Lá Domhanda na Leabhar le Myra Zepf agus Mr. Anto, Ceardlann Ríomheolaíochta do pháistí, an seó grinn ‘Gaelgháirí’ agus Ciorcail Chomhrá i roinnt d’Ionaid Seirbhísí Poiblí na Comhairle.
Moltar don phobal a bheith rannpháirteach sa cheiliúradh beag beann ar a gcumas Gaeilge. “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”.