Skip to main content

February

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Date: 24 Feabh 2026

Cultúr

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Déanann an feachtas, mar chuid de chlár Sláinte Éireann an rialtais, ceiliúradh ar na buntáistí a bhaineann leis an léitheoireacht agus í á spreagadh le haghaidh folláine agus sásaimh. Is é 'Téigh ar Strae i Leabhar Maith' an téama le haghaidh 2026, agus tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh do gach duine a bheith páirteach ann.

Imeachtaí spleodracha!

I measc na n-imeachtaí agus na dtograí spreagúla atá pleanáilte do gach aoisghrúpa chun ceiliúradh a dhéanamh ar léitheoireacht, leabhair agus litríocht sa phobal, tá iad seo a leanas:

Foghlaim faoi BorrowBox! 

Buail isteach chuig do leabharlann áitiúil ar na dátaí seo agus foghlaim faoin dóigh atá tú ábalta rochtain a fháil ar leabhair,  nuachtáin, irisleabhair agus tuilleadh ar do ghuthán nó ghléas:

  • Dé Máirt 24 Feabhra – Gaoth Dobhair, Bun Dobhráin, Baile Dhún na nGall, Baile na nGallóglach
  • Dé Céadaoin 25 Feabhra – Na Rosa, Leifear, Béal Átha Seanaidh
  • Déardaoin 26 Feabhra – Bun Cranncha, Carn Domhnach, Ráth Bhoth
  • Dé hAoine 27 Feabhra – An Lárleabharlann, Leabharlann an Dá Bhaile, Bun an Phobail.

Ambasadóirí Léitheoireachta!

Coinnigh súil amach ar na meáin shóisialta do shleachta faoin tábhacht a bhaineann leis an léitheoireacht ó Chonallaigh cosúil le John Breslin, Bairbre Uí Chathail, Louise Flanagan, Lee Gooch, Catherine Devlin, Brian Lacey agus Louise Flanagan.

Sraith Léachtaí ar ríochtaí ársa Dhún na nGall le Brian Lacey sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn.

Foghlaim faoi luath-stair Dhún na nGall leis an staraí mór le rá Brian Lacey.

  • Dé Máirt 24 Feabhra 6pm – Cenél Conaill
  • Dé Céadaoin 25 Feabhra - Cenél nEógain
  • Déardaoin 26 Feabhra - Síl Lugdac

Taispeántas agus Imeachtaí cruthaitheacha agus ealaíonta do theaghlaigh Dé Sathairn 28 Feabhra!

  • Lárleabharlann, Leitir Ceanainn – Scéalaíocht agus ceardlanna léaráide le Kim Sharkey 11am agus 1pm.
  • Leabharlann Phobail Charn Domhnach – Taipeántas Titanic agus céardaíocht faoin long do pháistí 11:30am
  • Leabharlann Phobail Bhun Cranncha - Taispeántas grianghraif ón bhailiúchán Thomas (the Millar) Doherty ar thógáil Damba an Pholláin Fullerton.
  • Leabharlann Phobail na Rosann – Ceardlann Lego 11am
  • Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin – Ealaín, céardaíocht agus cluichí 10am

Más léitheoir le fada an lá thú nó go bhfuil tú tagtha ar shonas na léitheoireachta in athuair, tá rud éigin ar fáil do gach duine ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall.

Dúirt Seosamh Ó Ceallaigh ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall: "Tá ríméad orainn an feachtas náisiúnta le ceiliúradh a dhéanamh ar an léitheoireacht a chuir ar fáil dár bpobal. Tá réimse iontach gníomhaíochtaí agus imeachtaí curtha ar fáil le linn mhí Feabhra chun Éire ag Léamh a cheiliúradh agus an ról tábhachtach atá ag an ghníomhaíocht dhearfach seo chun saol sásta a thabhairt do dhaoine. Léiríonn na gníomhaíochtaí agus imeachtaí seo clár gnóthach atá buan i Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall. Tá muid ag spreagadh daoine de gach aois chun cuairt a thabhairt orainn i rith mhí Feabhra agus sásamh a bhaint as seirbhísí leabharlainne agus a bheith páirteach san fheachtas."

“Cuireann an léitheoireacht lenár n-intinn, laghdaíonn sí strus, agus nascann sí muid le smaointe agus scéalta a mhúnlaíonn cé muid féin. Osclaíonn sí doirse chuig eolas, samhlaíocht, agus tacaíonn sí le folláine i ndomhan gnóthach na linne seo. Tá ballraíocht leabharlainne saor in aisce agus tá áthas orainn cabhrú le daoine atá ag lorg ábhair is díol suime dóibh a léamh. Is éard atá san Éire Ag Léamh ná daoine a spreagadh sos a thógáil chun sásamh a bhaint as na tairbhí léitheoireachta agus spreagann muid daoine cuairt a thabhairt orainn agus a bheith rannpháirteach”

Dúirt Amanda Branigan, Cathaoirleach ar Mheitheal Éire Ag Léamh: "Is deis álainn í Éire Ag Léamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar an scíléitheoireacht agus ar an sonas agus buntáistí a bhaineann le leabhair a chur i gcuimhne do dhaoine. Is spásanna fáilteacha iad leabharlanna do gach duine, agus na mílte leabhar agus ríomhleabhar de gach seánra ar fáil. Spreagann muid daoine ar fud na tíre chun sos a thógáil i mí Feabhra, cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil, moltaí léitheoireachta a fháil agus glacadh le ballraíocht saor in aisce. Téigh ar strae i leabhar maith an Feabhra seo agus bíodh an léitheoireacht ina gníomhaíocht shláintiúil i do shaol."

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Éire ag Léamh i nDún na nGall, buail isteach chuig do leabharlann áitiúil nó tabhair cuairt ar www.donegalculture.ie. Lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Instagram. Glac páirt sa chomhrá ar líne agus bain úsáid as na haischlibeanna #ÉireAgLéamh agus #TéighArStrae.

Tabhair cuairt ar www.irelandreads.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoin fheachtas náisiúnta.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Image text description

Date: 09 Feabh 2026

Seoladh ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’

Is mór ag Músaem Chontae Dhún na nGall agus Seirbhís Cartlainne an Chontae a fhógairt go bhfuil a dtogra is deireanaí ar a dtugtar ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’ seolta. Is togra idirchultúrtha é atá bunaithe ar bhéaloideas agus oidhreacht agus a bhfuil sé mar aidhm aige léargas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na heispéiris éagsúla imirce atá ag pobail ar fud Chontae Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)