Skip to main content

March

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Date: 12 Márta 2026

Corparáideach

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE), ról ceannaireachta lárnach i gcroílár chinnteoireacht an AE. Ar feadh sé mhí, déanfaidh Éire stiúradh ar idirbheartaíocht agus comhaontuithe idir na Ballstáit agus tabharfaidh an tír cuidiú dlíthe agus beartais an AE a chur i ngníomh a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine.

Mar pháirt d’Uachtaránacht AE na hÉireann, beidh gach contae i bPoblacht na hÉireann péireáilte le Ballstát AE le linn na hUachtaránachta, rud a chruthóidh deiseanna chun naisc bhuana áitiúla a thógáil ar fud na hEorpa agus chun naisc phobail a neartú.

Tá Dún na nGall péireáilte leis an Pholainn don tréimhse seo.

Mar ullmhúchán don phéireáil seo, chuir ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall – an Cathaoirleach, Paul Canning; John G McLaughlin, Príomhfheidhmeannach; Richard Gibson, Stiúrthóir Airgeadais, Seirbhísí Corparáideacha agus Córais Faisnéise, agus baill foirne – fáilte roimh an toscaireacht Pholannach go Dún na nGall: Artur Michalski, Aire Lánchumhachtach, Chargé d’affaires a.i. de Phoblacht na Polainne in Éirinn; Piotr Erenfeicht, Aire-Comhairleoir, Ceannasaí an Rannáin Pholaitiúil agus Eacnamaíoch; agus Agnieszka Skolimowska, Comhairleoir, Ceannasaí Rannán na Taidhleoireachta Poiblí agus Cultúrtha.

Phléigh na páirtithe spriocanna na comhpháirtíochta, is iad sin naisc chultúrtha, ghnó agus phobail a neartú idir na comhpháirtithe. Moltar raon leathan d’imeachtaí poiblí agus comhráite a chur san áireamh chun na cuspóirí seo a bhaint amach le linn thréimhse na comhpháirtíochta.

Tá an dá pháirtí ag súil go mbeidh siad ábalta comhpháirtíocht rathúil bhuan a chruthú a bheidh tairbheach don dá réigiún.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE), ról ceannaireachta lárnach i gcroílár chinnteoireacht an AE. Ar feadh sé mhí, déanfaidh Éire stiúradh ar idirbheartaíocht agus comhaontuithe idir na Ballstáit agus tabharfaidh an tír cuidiú dlíthe agus beartais an AE a chur i ngníomh a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine.

Image text description

Date: 11 Márta 2026

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 27 Feabh 2026

Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)