Date: 13 Márta 2026
Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’
Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.
Faoin Ghradam Oidhreachta Áitiúla ‘Ceangal’ tugtar aitheantas do thionscnaimh phobail ardchaighdeánacha faoi cheannas údarás áitiúil ina ndéantar an stair áitiúil agus an cultúr áitiúil a chaomhnú agus a cheiliúradh. Tríd an taispeántas “Ag Obair Thall: Saol Oibre an Eisimircigh as Dún na nGall in Albain 1940-1990’ dírítear aird ar na slite beatha, na coinníollacha oibre agus na heispéiris oibre a bhíodh ag fir agus mná as Dún na nGall agus iad thall in Albain’ a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. ‘Tá lúcháir orainn go bhfuil an t-aitheantas seo faighte anois i dtaca leis an méid a chuir na fir agus na mná seo as Dún na nGall leis an saol agus leis an tsochaí in Albain agus i nDún na nGall araon. Is beag teaghlach i gContae Dhún na nGall nach raibh tionchar ag an eisimirce orthu nó nár ghlac páirt san imirce shéasúrach, agus dá bharr sin, mhothaigh go leor teaghlach an-dáimh leis an taispeántas seo. Fiú ó fosclaíodh an taispeántas i dtús ama, thoisigh daoine ag teacht chun tosaigh le grianghraif agus le cuntais phearsanta faoin saol oibre a bhí acu féin nó ag daoine muinteartha daofa thall in Albain. Gach ábhar a bhaileofar, beidh sé mar chuid de chartlann an taispeántais ‘Ag Obair Thall’, a choinneofar inár gCartlann Chontae agus a chuirfear ar fáil do na glúnta atá le teacht.’
Tá an príomhthaispeántas ‘Ag Obair Thall’ ar taispeántas i Músaem an Chontae i Leitir Ceanainn agus tá síneadh ama curtha leis go dtí an Cháisc. Tá grianghraif sa taispeántas de dhaoine as Dún na nGall i mbun oibre i dtionscail éagsúla agus i láithreacha éagsúla in Albain ó 1940 go dtí 1990, lena n-áirítear feirmeacha, busanna, iarnróid, láithreáin tógála, tionscadail innealtóireachta (amhail tolláin, droichid, dambaí nó scéimeanna hidrileictreacha), tógáil long, obair tí, óstáin, siopaí, monarchana brioscaí nó seacláide, spórt, seirbhís sláinte agus an saol reiligiúnach. Tugtar cuntas ann ar na fir agus na mná as Dún na nGall a théadh ag obair ann ar bhonn séasúrach, chomh maith leofa siúd a bhain fúthu thall in Albain. Éinne a rachaidh chuig an taispeántas seo, beidh siad in ann éisteacht chomh maith le sleachta as agallaimh a cuireadh ar dhaoine as Dún na nGall a d’oibríodh in Albain. Trí chuntais phearsanta, grianghraif agus earraí ó thaisclanna náisiúnta agus iad siúd a chuir baill den phobal isteach, tarraingítear aird ar na daoine sin, ar a gcuid slite beatha agus ar a gcoinníollacha oibre. Le linn thréimhse an taispeántais, moltar do dhaoine as Dún na nGall, bíodh siad sa bhaile nó thar lear, scéal a dteaghlach féin a bhreacadh síos.
Gabhann leabhrán 100 leathanach, méid A5, saor in aisce leis an taispeántas, agus tugtar ann achoimre ar roinnt slite beatha agus blaiseadh d’eispéireas imirce an oibrí as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990.
Gabhann dhá leabhrán méid A5 saor in aisce leis an taispeántas. Is é atá sa leabhrán ‘Ag Obair Thall’ ná leabhrán 104 leathanach ina dtugtar léargas le léaráidí ar roinnt slite beatha agus ar an chineál saoil a bhíodh ag an imirceach as Dún na nGall agus iad thall in Albain idir 1940 agus 1990. Is é atá sa leabhrán ‘Glasgow Corporation Transport & The Donegal Connection’ ná leabhrán 52 leathanach ina dtugtar cuntas léirsteanach suimiúil ar na fir agus mná as Dún na nGall a d’oibríodh ar na busanna, ar na tramanna, ar na busanna tralaí agus ar an traein faoi thalamh le Glasgow Corporation Transport. Bhíodh Glasgow Corporation Transport ina fhostóir tábhachtach faoi choinne go leor daoine as Dún na nGall ar feadh na mblianta.
Tá an-rath agus an-ráchairt ar an leagan taistil den taispeántas ‘Ag Obair Thall’ atá thall ag Seirbhís Cartlainne Chathair Ghlaschú ó Mheán Fómhair 2025, agus tá síneadh ama curtha leis sin chomh maith go dtí an Cháisc de bharr éileamh ón phobal. Tá plé ar siúl faoi láthair le Consalacht na hÉireann leis an taispeántas a thabhairt a fhad le Dùn Dèagh agus Dún Éideann i mbliana.
Is í an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirt le Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) a rinne urraíocht ar Ghradam ‘Ceangal’ na hOidhreachta Áitiúla. Dúirt Damien Ryan, Cathaoirleach ar CCÚÁ: ‘Thugadh na 31 údarás áitiúil ar fud na tíre tacaíocht i gcónaí do Ghradaim an CCÚÁ agus tá muid fíorbhuíoch as sin i rith an ama, go háirithe ar an Chomóradh 20 Bliain seo de na Gradaim iad féin. Tháinig daoine as achan chontae ar fud na tíre faoi choinne na ngradam seo. Is comhartha buíochais iad na gradaim d’achan duine a d’oibrigh chomh crua sin ar go leor tionscadal éagsúil ar fud na tíre. Is iontach an dúthracht a léiríonn daoine go háitiúil, agus tá na hoibrithe deonacha ina gcnámh droma agus ina gcrann taca ag an tír iontach seo s’againne.’
Beidh an taispeántas ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre an Eisimircigh as Dún na nGall in Albain’ ar siúl i Músaem Contae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, F92 K123, go dtí an Cháisc. Tá cead isteach saor in aisce agus bíonn Músaem an Chontae ar oscailt ón Luan go dtí an Aoine ó 10am go dtí 4:30pm (druidte fá choinne lóin 12:30 go dtí 1pm) agus bíonn sé ar oscailt gach Satharn ó 1pm go dtí 4.30pm. Más mian leat aon earra a thabhairt chun cur leis an taispeántas nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil, gabh i dteagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 916 3824 nó trí ríomhphost ar donegalscotland@donegalcoco.ie