Date: 23 Márta 2026
Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026
Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.
Cuirtear Scéalaíocht le teacht an earraigh ar fáil i ngach leabharlann agus ar líne ar fud an chontae i rith mhí Aibreáin le scéalta sna leabharlanna do pháistí réamhscoile agus bunscoile. Tá an t-imeacht seo mar chuid den tionscnamh Ceart chun Léitheoireachta ar clár náisiúnta é a chuireann forbairt litearthachta agus léitheoireachta chun cinn do dhaoine idir óg agus aosta agus ó gach cúlra.
Cuimsíonn clár 2026 ceardlanna ceardaíochta, cuairteanna ar údair, ceardlanna LEGO, ceardlanna scéalaíochta agus go leor eile. Beidh leabharlanna Dhún na nGall ag tacú le seisiúin scéalaíochta do pháistí agus tá siad ag tabhairt cuireadh do pháistí agus do thuismitheoirí/cúramóirí páirt a ghlacadh sa léitheoireacht agus sult a bhaint as an léitheoireacht. Chomh maith le sult a bhaint as na seisiúin scéalaíochta, cuidíonn scéalta agus léitheoireacht le páistí a gcruthaitheacht agus a samhlaíocht féin a fhorbairt tuilleadh agus iad ag tacú lena scileanna comhchruinnithe agus cumarsáide ag an am céanna.
Is féidir an t-eolas agus an sceideal do na himeachtaí go léir a fháil ar ár suíomh gréasáin leabharlainne www.donegallibrary.ie ‘What’s on’ nó thig leat muid a leanúint ar Leabharlann Chontae Dhún na nGall ar Facebook