Skip to main content

December

Am don Teaghlach i Do Leabharlann: Imeachtaí Spreagúla na Nollag do Theaghlaigh i Leabharlanna Dhún na nGall

Date: 02 Noll 2024

Cultúr

Am don Teaghlach i Do Leabharlann: Imeachtaí Spreagúla na Nollag do Theaghlaigh i Leabharlanna Dhún na nGall

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall an clár, Am don Teaghlach i Do Leabharlann, a bhfuiltear ag súil go mór leis, a fhógairt, ar ceiliúradh féiltiúil é atá deartha chun teaghlaigh a spreagadh le bheith páirteach i ndraíocht na léitheoireachta agus na scéalaíochta i mí na Nollag seo!

Le linn mhí na Nollag 2024, déanfaidh leabharlanna Dhún na nGall an-iontas den chruthaitheacht agus den lúcháir, rud a chuirfidh réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí saor in aisce atá dírithe ar an teaghlach ar fáil. Tá an clár lán le deiseanna spreagúla do theaghlaigh ó sheisiúin scéalaíochta le Lennie an Laghairt go deiseanna ceardaíochta na Nollag le Daidí na Nollag (Santaí) agus lena shíogaí, rud a fhágann gurb é an bealach is fearr é chun séasúr na Nollag a cheiliúradh le chéile. Is cinnte go bhfuil rud éigean ann d’achan duine le taitneamh a bhaint as.

I measc Bhuaicphointí na Féile tá:

  • Seanchas ag Am Ceardaíochta don Teaghlach: Tar le chéile le Lennie an Laghairt agus síogaí Dhaidí na Nollag le haghaidh seisiúin scéalaíochta ar théama na Nollag, agus ina dhiaidh sin gníomhaíochtaí iontacha ceardaíochta na féile.
  • Scéalta agus Amhráin le bean chéile Dhaidí na Nollag: Beidh seisiún scéalaíochta na Nollag ar fáil a lasfadh do chroí agus foinn a dhéanfadh do shéasúr saoire speisialta duit.
  • Dúshláin LEGO na Nollag don Teaghlach: Léirigh do chuid scileanna tógála inár ndúshláin spraoi LEGO a spreagann cruthaitheacht agus obair foirne!
  • Biongó na Nollag: Cruinnigh an teaghlach le haghaidh cluiche spraíúil Biongó le casadh don Nollaig.
  • Ceardlann chun Cártaí Nollag a dhéanamh: Bí ceirdiúil agus cruthaigh cártaí Nollag áille ar féidir a roinnt le do chairde an Nollaig seo.
  • Cóisir PJ na Nollag: Cuir ort do phitseámaí is fearr leat, lig do scíth, agus bain taitneamh as tráthnóna scéalaíochta agus foinn na Nollag don teaghlach ar fad chun sult a bhaint as.

Is é is aidhm do na himeachtaí tarraingteacha sin grá don léitheoireacht ar feadh an tsaoil a chothú, agus ag an am céanna tacú le clár Ceart Léitheoireachta na hÉireann, agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht an teaghlaigh in eispéiris léitheoireachta leanaí. Tá réimse leathan de leabhair na Nollag do pháistí agus dhaoine fásta ar fáil i Leabharlanna Dhún na nGall agus ní ghearrtar fíneálacha níos mó! Cruthaíonn imeachtaí Am Teaghlaigh i do Leabharlann timpeallacht thacúil do leanaí chun taitneamh a bhaint as an léitheoireacht, sa leabharlann agus sa bhaile araon.

Tugann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall cuireadh do theaghlaigh as gach cearn de Dhún na nGall cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil agus páirt a ghlacadh sa cheiliúradh féiltiúil seo ar leabhair, ar chruthaitheacht agus ar spraoi.

Le haghaidh tuilleadh sonraí faoi na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí spreagúla atá ag tarlú i do cheantar, déan teagmháil le do leabharlann áitiúil nó tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin ag www.donegalculture.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Aib 2026

LSanna leabharlann Bhaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise (LSanna) ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)