Skip to main content

April

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Date: 16 Aib 2026

Cultúr

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Is ceannaire i ngníomhú ar son na haeráide in Éirinn é an tOllamh Sweeney; tá breis is 100 páipéar eolaíoch foilsithe aige agus tá saothar go leor scríofa aige ar chuid mhór gnéithe éagsúla a bhaineann le clíomeolaíocht agus leis an athrú aeráide in Éirinn. Bhí baint aige le go leor tionscadal taighde idirnáisiúnta agus bhí sé i gceannas ar mhórán tionscadal taighde atá maoinithe go náisiúnta, a dhéanann iniúchadh ar ghnéithe éagsúla den athrú aeráide in Éirinn. Chaith an tOllamh Sweeney go leor ama ag plé le tuarascálacha ón Phainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide, gné ar bronnadh Duais Nobel na Síochána uirthi.

Dúirt an tOllamh Sweeney, “Tá áthas orm a bheith i gcomhpháirtíocht le Europe Direct Leitir Ceanainn don ócáid seo. Tá déine agus líon na dtarluithe adhaimsire ag méadú agus is léiriú é sin go bhfuil cruachás na haeráide agus na bithéagsúlachta ag méadú, in ainneoin go bhfuil neamhaird á déanamh air seo ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. B’fhurasta na héifeachtaí a bhaineann le hathrú fearthainne, le leibhéal na farraige agus le ganntanas sa bhithéagsúlacht, a fheiceáil in Éirinn, agus i nDún na nGall ach go háirithe. De bharr dul chun cinn san eolaíocht aeráide le déanaí, is léiriú é seo fosta ar an phráinn atá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú de réir mar a thagann pointí claochlaithe chun cinn, nó nuair a sháraítear iad fiú. Tá easpa muiníne ag baint le cur i bhfeidhm beartas náisiúnta. Ina áit sin, tá roghanna polaitiúla gearrthéarmacha á ndéanamh mar fhreagairt ar bhrúghrúpaí cumhachtacha atá ag eascairt as buiséid charbóin atá ina cheangal ó thaobh dlí de. Is bagairt mhór í an easpa gnímh do shochaí na hÉireann sna deich mbliana atá amach romhainn.”

Tá Europe Direct i Leitir Ceanainn lonnaithe sa Lárleabharlann. Cuireann siad eolas faoin AE ar fáil i nGaeilge i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair. I measc na seirbhísí a chuireann siad ar fáil tá:

  • Eolas agus Rochtain ar fhoilseacháin agus ar bhróisiúir ó institiúidí an AE.
  • Eolas faoi dheiseanna taistil do dhaoine óga trí Erasmus+ agus Discover EU.
  • Rochtain ar Ríomhairí Pearsanta le hábhair a bhaineann leis an AE a chuardach.
  • Nasc saorghlao chuig Deasc Chabhrach Europe Direct.
  • Imeachtaí, cainteanna, taispeántais, agus comórtais.

Chun áit a chur in áirithe don imeacht seo a bhfuil saorchead isteach chuige, seol r-phost chuig eudirect@donegallibrary.ie nó cuir scairt ar an Lárleabharlann ar 074 91 24950


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)