Skip to main content

April

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á gcur ar fáil ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Date: 03 Aib 2025

Cultúr

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á gcur ar fáil ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Sheol Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall acmhainní litearthachta dírithe ar dhaoine fásta. Baineann siad leis an léitheoireacht, an scríbhneoireacht, an ghramadach agus léamhthuiscint. Rinne an Comhairleoir Jack Murray, Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain iad a sheoladh ar an Chéadaoin, 2 Aibreán i Leabharlann Bhun Cranncha. Bhí an seoladh seo mar chuid de na himeachtaí atá ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh ar an tSeachtain um Ionchuimisú Sóisialta i nDún na nGall.

I gcás gach acmhainn, is féidir na gníomhaíochtaí atá ann a dhéanamh agus leabhar den teideal sin á léamh agat, ag an am céanna. Tá cóipeanna de na leabhair seo ar fáil ó chraobhacha de Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus tugtar cuireadh do ghrúpaí clubanna leabhar a bhunú agus úsáid a bhaint as na hacmhainní ionas go mbeidh siad ábalta a scileanna litearthachta a fheabhsú. 

Tá cuid de na hacmhainní úsáideach do scoláirí BCTE (Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile).

Thig na hacmhainní a fháil agus a íoslódáil saor in aisce anseo: https://www.donegalculture.ie/en/services/libraries/services/right-to-read/. Cuireann na háiseanna breise seo leis na hacmhainní atá ag dul i méid agus atá ag tacú le hionchuimsiú pobail.

Ag caint dó ag an seoladh, dúirt an Comhairleoir Murray “Is spásanna iad leabharlanna a chuireann fáilte roimh achan duine agus cuireann siad eolas iontaofa ar fáil. Tá géarghá leis an eolas seo chun saoránacht ghníomhach a chaomhnú. Is iad seirbhísí leabharlainne ceann de chéad seirbhísí a bhaineann daoine ó phobail úra úsáid astu.”

Dúirt Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta d'Aosaigh, Adel McElhinney “Is uirlis thábhachtach í an litearthacht. Cruthaíonn sí deiseanna úra dúinn, neartaíonn sí pobail agus saibhríonn sí an saol. Nuair a thugann muid na huirlisí cuí d'fhoghlaimeoirí fásta, tá muid ag tacú le pobal a chruthú i nDún na nGall atá níos muiníní agus níos cumhachtaí.”

Níl aon chostas le ballraíocht a ghlacadh sa tSeirbhís Leabharlainne agus bíonn rochtain agat ar réimse mór acmhainní saor in aisce i do leabharlann áitiúil. Níl aon táille le híoc má bhíonn tú déanach le leabhar agus is féidir an chéad leabhar eile a chur in áirithe ó chompord do thí féin agus cuirfidh do leabharlann áitiúil scéala chugat nuair a bheidh sé réidh le bailiú. Tá go leor áiseanna saor in aisce ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar líne fosta cosúil le ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, ríomhirisí, ríomhnuachtáin agus acmhainní foghlama agus taighde ar líne. 

Chun níos mó eolais a fháil faoina bhfuil ag tarlú i do leabharlann áitiúil, caith súil ar donegallibrary.ie nó lean Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar Facebook @DonegalCountyLibrary nó ar Instagram @donegallibrary. 

Tháinig maoiniú don togra seo ó Oifig an Chláir Náisiúnta um Litearthacht d’Aosaigh don Saol atá lonnaithe i SOLAS, trí Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)