Skip to main content

April

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á gcur ar fáil ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Date: 03 Aib 2025

Cultúr

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á gcur ar fáil ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Sheol Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall acmhainní litearthachta dírithe ar dhaoine fásta. Baineann siad leis an léitheoireacht, an scríbhneoireacht, an ghramadach agus léamhthuiscint. Rinne an Comhairleoir Jack Murray, Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain iad a sheoladh ar an Chéadaoin, 2 Aibreán i Leabharlann Bhun Cranncha. Bhí an seoladh seo mar chuid de na himeachtaí atá ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh ar an tSeachtain um Ionchuimisú Sóisialta i nDún na nGall.

I gcás gach acmhainn, is féidir na gníomhaíochtaí atá ann a dhéanamh agus leabhar den teideal sin á léamh agat, ag an am céanna. Tá cóipeanna de na leabhair seo ar fáil ó chraobhacha de Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus tugtar cuireadh do ghrúpaí clubanna leabhar a bhunú agus úsáid a bhaint as na hacmhainní ionas go mbeidh siad ábalta a scileanna litearthachta a fheabhsú. 

Tá cuid de na hacmhainní úsáideach do scoláirí BCTE (Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile).

Thig na hacmhainní a fháil agus a íoslódáil saor in aisce anseo: https://www.donegalculture.ie/en/services/libraries/services/right-to-read/. Cuireann na háiseanna breise seo leis na hacmhainní atá ag dul i méid agus atá ag tacú le hionchuimsiú pobail.

Ag caint dó ag an seoladh, dúirt an Comhairleoir Murray “Is spásanna iad leabharlanna a chuireann fáilte roimh achan duine agus cuireann siad eolas iontaofa ar fáil. Tá géarghá leis an eolas seo chun saoránacht ghníomhach a chaomhnú. Is iad seirbhísí leabharlainne ceann de chéad seirbhísí a bhaineann daoine ó phobail úra úsáid astu.”

Dúirt Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta d'Aosaigh, Adel McElhinney “Is uirlis thábhachtach í an litearthacht. Cruthaíonn sí deiseanna úra dúinn, neartaíonn sí pobail agus saibhríonn sí an saol. Nuair a thugann muid na huirlisí cuí d'fhoghlaimeoirí fásta, tá muid ag tacú le pobal a chruthú i nDún na nGall atá níos muiníní agus níos cumhachtaí.”

Níl aon chostas le ballraíocht a ghlacadh sa tSeirbhís Leabharlainne agus bíonn rochtain agat ar réimse mór acmhainní saor in aisce i do leabharlann áitiúil. Níl aon táille le híoc má bhíonn tú déanach le leabhar agus is féidir an chéad leabhar eile a chur in áirithe ó chompord do thí féin agus cuirfidh do leabharlann áitiúil scéala chugat nuair a bheidh sé réidh le bailiú. Tá go leor áiseanna saor in aisce ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar líne fosta cosúil le ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, ríomhirisí, ríomhnuachtáin agus acmhainní foghlama agus taighde ar líne. 

Chun níos mó eolais a fháil faoina bhfuil ag tarlú i do leabharlann áitiúil, caith súil ar donegallibrary.ie nó lean Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar Facebook @DonegalCountyLibrary nó ar Instagram @donegallibrary. 

Tháinig maoiniú don togra seo ó Oifig an Chláir Náisiúnta um Litearthacht d’Aosaigh don Saol atá lonnaithe i SOLAS, trí Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Iúil 2025

Staraí Cónaithe le ceapadh do Thionscadal Cartlainne Chontae Dhún na nGall

Ón bhliain 2012, tá an tSeirbhís Cartlainne agus Músaem Chontae Dhún na nGall páirteach i roinnt imeachtaí a bhaineann le Comóradh Deich mBliana na gCuimhneachán i gContae Dhún na nGall. Tá móreachtraí stairiúla á gcomóradh againn go fóill agus dá bharr sin, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall Staraí Cónaithe a cheapadh chun tacú le cur i bhfeidhm Phlean Comórtha na Comhairle in 2025.

Image text description

Date: 25 Meith 2025

An Tionscadal MNÁ 100 Dhún na nGall i Músaem Chontae Dhún na nGall

Tá Músaem Chontae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh duit súil a chaitheamh ar thionscadal grianghrafadóireachta MNÁ 100 (Dún na nGall), an Satharn seo, 28 Meitheamh idir 2-4pm.

Image text description

Date: 18 Meith 2025

Leabhar scríofa i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil leabhar foilsithe anois atá spreagtha ag an scríbhneoir mór le rá Flann O' Brien nó Brian Ó Nualláin. Scríobh daltaí i nDún na nGall agus i dTír Eoghain an leabhar seo agus tá meascán de scríbhneoireacht i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais ann.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)