Skip to main content

July

Staraí Cónaithe le ceapadh do Thionscadal Cartlainne Chontae Dhún na nGall

Date: 02 Iúil 2025

Cultúr

Staraí Cónaithe le ceapadh do Thionscadal Cartlainne Chontae Dhún na nGall

Ón bhliain 2012, tá an tSeirbhís Cartlainne agus Músaem Chontae Dhún na nGall páirteach i roinnt imeachtaí a bhaineann le Comóradh Deich mBliana na gCuimhneachán i gContae Dhún na nGall. Tá móreachtraí stairiúla á gcomóradh againn go fóill agus dá bharr sin, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall Staraí Cónaithe a cheapadh chun tacú le cur i bhfeidhm Phlean Comórtha na Comhairle in 2025. Beidh dualgas ar an Staraí Cónaithe taighde a dhéanamh, bunaithe ar bhailiúcháin chartlainne áitiúla agus náisiúnta. Mar thoradh air seo, beidh ceithre aiste le cur le chéile bunaithe ar ghnéithe éagsúla de shaol polaitiúil, míleata, sóisialta agus eacnamíochta Chontae Dhún na nGall i mblianta tosaigh an tSaorstáit agus foilseofar na haistí in 2026. Tá an tionscadal seo maoinithe ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt faoin Chlár Comórtha 2025.

Brief For Historian In Residence 2025 Archives Museum

Tá tuilleadh eolais le fáil ó archivst@donegalcoco.ie nó ar  https://www.donegalculture.ie/


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)