Skip to main content

April

An Clár Píolótach ‘Lúthchleasaíocht do Pháistí le hUathachas’ Seolta

Date: 02 Aib 2025

Pobal

An Clár Píolótach ‘Lúthchleasaíocht do Pháistí le hUathachas’ Seolta

Ó chlé go deas: Cóitseálaithe le Club Lúthchleasaíochta Thír Chonaill (Na Gleannta), John Cannon; Marita Ward, Bronagh Herevin; Rosemary Dewhirst agus Brian McGonagle le Margaret Fitzgerald, Comhordaitheoir Éire Shláintiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Adam McGranaghan, Comhordaitheoir Cláir le Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall
Ó chlé go deas: Cóitseálaithe le Club Lúthchleasaíochta Thír Chonaill (Na Gleannta), John Cannon; Marita Ward, Bronagh Herevin; Rosemary Dewhirst agus Brian McGonagle le Margaret Fitzgerald, Comhordaitheoir Éire Shláintiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Adam McGranaghan, Comhordaitheoir Cláir le Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall, ag léiriú a gclár nua ‘Lúthchleasaíocht do Pháistí le hUathachas’ ar bhonn píolótach. Tá an clár á mhaoiniú faoin Chlár Éire Shláintiúil.

Tá sé mar aidhm ag an chlár ‘Lúthchleasaíocht do Pháistí le hUathachas’ páistí a bhfuil uathachas orthu a mhealladh le bheith páirteach i gclár lúthchleasaíochta ar dhóigh rannpháirteach agus spraíúil. Cuimsíonn an clár gníomhaíochtaí a bhaineann le bunscileanna spóirt, lena n-áirítear rith, léim agus ag caitheamh, agus tá sé oiriúnach do pháistí a bhfuil cumais éagsúla acu ach go háirithe. Déantar dul chun cinn a thomhas ar bhonn aonair, agus tá sásamh le baint as sin do pháistí a bhfuil raon teoranta cumais acu mar gur féidir leo an dul chun cinn a fheiceáil. Táthar ag súil go mbeidh an tionscadal seo ina eiseamláir do chlubanna spóirt agus d'eagraíochtaí eile, trí dhea-chleachtais a léiriú i lúthchleasaíocht atá cuimsitheach do chách. Cuirtear tacaíocht phraiticiúil chóitseála ar fáil tríd an chlár, chomh maith le léargais ar bhonneagar agus ar threalamh spóirt a bheadh de dhíth ar chlub agus treoir maidir leis an dóigh le cóimheasa cuí cóitseála-le-lúthchleasaí a choinneáil.

Agus í ag cur síos ar thábhacht an tionscadail don phobal áitiúil, dúirt Margaret Fitzgerald, Comhordaitheoir Éire Shláintiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall, "Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair i gcomhar lenár gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil agus iad tiomanta do shláinte agus folláine phobal Dhún na nGall a chur chun cinn trí thionscadail atá maoinithe faoi Bhabhta 4 den Chlár Éire Shláintiúil". 

Dúirt Adam McGranaghan, Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall, "Tríd an chlár píolótach seo, tá súil ag clubanna lúthchleasaíochta i nDún na nGall timpeallacht níos cuimsithí a chruthú a fhreastalaíonn ar riachtanais na bpáistí sin a bhfuil uathachas orthu agus a spreagann iarrachtaí den chineál céanna ar fud na tíre." 

Dúirt Ann Slevin, Cóitseálaí le Club Lúthchleasaíochta Ghleann na Finne, "Tá sé dochreidte na páistí a fheiceáil ag gáire, agus ag baint taitneamh as a bheith ag gluaiseacht i dtimpeallacht thacúil, agus tugann gach páiste a gcuid láidreachtaí uathúla chuig na seisiúin". 

Dúirt Cóitseálaí le Club Lúthchleasaíochta Thír Chonaill (Na Gleannta), Bronagh Heverin, "Trí pháirt a ghlacadh sa chlár píolótach seo, tugtar deis dár gclub breathnú le bród, ar an dóigh a bhfásann agus a bhfoghlaimíonn na páistí seachtain i ndiaidh seachtaine, agus iad i mbun bunscileanna lúthchleasaíochta agus i mbun spraoi ag an am céanna".

Tá an clár píolótach ‘Lúthchleasaíocht do Pháistí le hUathachas’ maoinithe faoin Chlár Éire Shláintiúil, le tacaíocht ón Roinn Sláinte.

Más mian le do chlub tuilleadh eolais a fháil nó páirt a ghlacadh sa chlár, déan teagmháil le adam@activedonegal.com

 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Siúlbhealach Dhroim Bó Seolta go hOifigiúil

Sheol an Comhairleoir Martin Harley, Cathaoirleach, CB Leifir/Shrath an Urláir, Siúlbhealach Dhroim Bó, Srath an Urláir, go hoifigiúil Dé Luain seo caite. Críochnaíodh an tionscadal le gairid.

Image text description

Date: 15 Aib 2026

Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026 Seolta

Ba san Ionad Ioslamach i Leitir Ceanainn a seoladh ‘Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026’ go hoifigiúil. Rinne Méara Leitir Ceanainn, an Clr. Ciaran Brogan an seoladh oifigiúil. Is togra seachtaine é seo a bhfuil sé mar sprioc aige comhrá a spreagadh, éagsúlacht a cheiliúradh, deighilt idir dhaoine a shárú, agus caidrimh níos láidre a chothú ar fud phobail an chontae.

Image text description

Date: 24 Márta 2026

Cuairt an Aire Dara Calleary ar Dhún na nGall

Thug an tAire Forbartha Tuaithe, Forbartha Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary, cuairt ar Dhún na nGall Dé Luain, an 23 Márta 2026, le dhá thionscadal a oscailt go hoifigiúil sa chontae

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)