Skip to main content

April

Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026 Seolta

Date: 15 Aib 2026

Pobal

Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026 Seolta

Ba san Ionad Ioslamach i Leitir Ceanainn a seoladh ‘Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026’ go hoifigiúil. Rinne Méara Leitir Ceanainn, an Clr. Ciaran Brogan an seoladh oifigiúil. Is togra seachtaine é seo a bhfuil sé mar sprioc aige comhrá a spreagadh, éagsúlacht a cheiliúradh, deighilt idir dhaoine a shárú, agus caidrimh níos láidre a chothú ar fud phobail an chontae. 

Ag labhairt dó ag an ócáid, mhol an Clr. Brogan ról an Ionaid ó thaobh cur chun cinn na tuisceana idirchultúrtha de. “Is éard atá sa tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta ná deiseanna a chothú agus síocháin a dhéanamh. Is sampla iontach de mhol pobail é Ionad Ioslamach Leitir Ceanainn a chuireann fáilte roimh dhaoine ó chúlraí difiúla, agus is mór an onóir domh é an tseachtain thábhachtach seo a sheoladh anseo,” a dúirt sé. Ní hamháin go mbaineann Éagsúlacht le hacmhainn. Baineann sí le neart. Is le dearcthaí difriúla a dhéantar na cinntí is fearr, a thógtar pobail, agus a chothaítear contae a bhfuil seasmhacht iontach ann.”

Ag labhairt dó thar cheann Chomhairle Contae Dhún na nGall, dúirt Paddy Doherty, Bainisteoir  Réigiúnach sa Rannóg Forbartha Pobail go dtugann reáchtáil na hócáide san Ionad  “ráiteas comhfhiosach agus lántoiliúil le fios. Ní polasaí teibí é an cuimsiú. Tá sé beo beathach in áiteanna mar seo, sna caidrimh a chothaítear, agus sa mheas a thaispeánann muid dá chéile. Le linn na Seachtaine seo gach bliain, cuirtear i gcuimhne dúinn gur láidir iad na pobail sin a bhfuil muintearas maith le brath iontu.”

Dúirt Amir Gamil, stiúrthóir Ionad Ioslamach Leitir Ceanainn: “Creideann muid gurb í an tuiscint bunchloch an chuimsithe. De bharr go bhfuil an ócáid seo ar siúl anseo, léirítear a thiomanta is atá muid mar chomharsa agus mar chomhpháirtí ag Letir Ceanainn chun go mbeidh fearadh na fáilte roimh achan duine anseo”

I measc na n-imeachtaí atá beartaithe mar chuid den tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026, tá An Cosán Ceoil, Seisiúin Cheoil Idirnáisiúnta in Ionaid Acmhainí Teaghlaigh ar fud Dhún na nGall, blaiseadh de cheol & de chultúr an domhain, Ceiliúradh ar Mhná an Phobail, Bácáil ar son na Síochána, Peil do Chách, Imeacht Comhairliúcháin Phoiblí ar Nasc Glas Leitir Ceanainn, Caiféanna Folláine ar fud an Chontae, Tráthnóna um Malartú Cultúrtha agus an tSiúlóid Folláine ‘Féinchúram don Anam’ le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Tá saorchead isteach chuig na himeachtaí uilig agus tá fáilte roimh an phobal.  

Más mian leat clár iomlán na Seachtaine um Chuimsiú Sóisialta 2026 a fháil, déan teagmháil le Fadl Mustapha ar 087 067 1393 nó ag fadlmustapha@donegalcoco.ie.

Thig súil a chaitheamh ar an chlár imeachtaí ag: 
https://www.donegalcoco.ie/media/pfcgeksu/donegalcoco_social-inclusion-week-2026-english-final-version-programme.pdf 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 15 Aib 2026

Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026 Seolta

Ba san Ionad Ioslamach i Leitir Ceanainn a seoladh ‘Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026’ go hoifigiúil. Rinne Méara Leitir Ceanainn, an Clr. Ciaran Brogan an seoladh oifigiúil. Is togra seachtaine é seo a bhfuil sé mar sprioc aige comhrá a spreagadh, éagsúlacht a cheiliúradh, deighilt idir dhaoine a shárú, agus caidrimh níos láidre a chothú ar fud phobail an chontae.

Image text description

Date: 24 Márta 2026

Cuairt an Aire Dara Calleary ar Dhún na nGall

Thug an tAire Forbartha Tuaithe, Forbartha Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary, cuairt ar Dhún na nGall Dé Luain, an 23 Márta 2026, le dhá thionscadal a oscailt go hoifigiúil sa chontae

Image text description

Date: 18 Márta 2026

CLÁR 2026

Ag eascairt ón fhógra ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, ar an 10 Márta maidir le CLÁR 2026, tá Comhairle Contae Dhún na nGall anois ag lorg Léirithe Spéise ó ghrúpaí pobail do Bheart 1 maidir le tograí tionscadail a bhfuil siad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh iontu laistigh dá bpobail.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)