Skip to main content

April

Féile Bealtaine 2025 Seolta

Date: 30 Aib 2025

Cultúr

Féile Bealtaine 2025 Seolta

Cathaoirleach na Comhairle an Clr Niamh Kennedy ag Seoladh na Féile Bealtaine 2025 i nDún na nGall. Sa ghrianghraf ina cuideachta tá Maura Logue (Comhlacht Léiriúcháin Dark Daughter), Sinead Noonan (Comhordaitheoir na Féile i nDún na nGall), baill de Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Andrea Campbell  (Oifigeach Forbartha Ealaíon le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin)
Cathaoirleach na Comhairle an Clr Niamh Kennedy ag Seoladh na Féile Bealtaine 2025 i nDún na nGall. Sa ghrianghraf ina cuideachta tá Maura Logue (Comhlacht Léiriúcháin Dark Daughter), Sinead Noonan (Comhordaitheoir na Féile i nDún na nGall), baill de Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Andrea Campbell (Oifigeach Forbartha Ealaíon le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin)

Tá Dún na nGall ag ceiliúradh 30 Bliain den fhéile Bealtaine. Beidh an fhéile ar siúl ar feadh míosa; ag díriú ar na hEalaíona, ar an Cheol agus ar an Phobal.

Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall Féile Bealtaine 2025 i nDún na nGall go hoifigiúil Dé Máirt, an 29 Aibreán i Leabharlann Bhun Cranncha, mar chomóradh 30 bliain ar cheiliúradh náisiúnta na hÉireann ar na healaíona agus ar an chruthaitheacht. Is cúis bhróid do Dhún na nGall é a bheith mar chuid den Fhéile le 28 bliain anuas, agus tá an clár imeachtaí is uaillmhianaí agus is forleithne go dtí seo curtha le chéile don chomóradh speisialta seo.

Ag labhairt di ag an seoladh, rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Niamh Kennedy, ceiliúradh ar bhorradh agus ar thábhacht na féile i saol cultúrtha an chontae "Baineann Bealtaine le cruthaitheacht, le ceangal a chothú agus leis an phobal. Baineann sé le hardú meanman a thabhairt do dhaoine scothaosta, lena mbuanna a léiriú, agus lena chinntiú go bhfuil fáil ag achan duine ar an chultúr agus ar an chruthaitheacht, cibé áit a bhfuil cónaí orthu.”

Tá béim ar leith curtha ar thallann áitiúil i gclár na bliana seo, le healaíontóirí ar nós Bernie Wilson (ceardlanna péintéireachta), Grainne McCool (scríbhneoireacht chruthaitheach), agus Paddy Donoghue (scríbhneoireacht filíochta) i mbun seisiún cruthaitheach. Idir an dá linn, is féidir le lucht leanúna an cheoil a bheith ag dúil le ceol ó laochra ceoil, leithéidí Philomena Begley, Ray Lynam, Ralph McTell, Genticorum, agus rogha áitiúil na coitiantachta Patsy Cavanagh.

Tá réimse leathan cainteanna agus eispéireas mar chuid den fhéile — ó cheardlanna folctha fuaime agus scéalaíocht idirghlúine, go caint bhithéagsúlachta ar shaol farraige Dhún na nGall, agus imeachtaí a fhiosraíonn inbhuanaitheacht agus cuimhne. I dtaispeántas speisialta, Mná na nGall — Mná Dhún na nGall 1922-1980, ag Músaem Chontae Dhún na nGall, tugtar léargas ar scéalta cumhachtacha agus ar éachtaí na mban le linn tréimhse de bheagnach seasca bliain.

Cuireadh iad sin a d'fhreastail ar an seoladh faoi dhraíocht ag léiriú ó Maura Logue, a chuir a seó aonair cáiliúil ‘Nora Gallagher’ i láthair i Leabharlann Bhun Cranncha. Thug an léiriú spléachadh cumhach agus bríomhar ar chuid thábhachtach de stair shóisialta agus chultúrtha Dhún na nGall, ina raibh meascán de scéalta, greann agus ceol ar bhealach deas a léiríonn spiorad na Féile Bealtaine.

“Ní le gailearaí ná le ceoláras amháin Féile Bealtaine — tá sí timpeall orainn uilig," a dúirt Sinéad Noonan, comhordaitheoir na Féile i nDún na nGall. "Ciallaíonn sé nach gá duit dul i bhfad chun an ceangal a mhothú — chun dán a chloisteáil, chun taispeántas a fheiceáil, chun fonn damhsa a chur ar do chosa, nó fiú chun triail a bhaint as rud éigin cruthaitheach. Sin an rud a fhágann go bhfuil ceiliúradh na Bealtaine i nDún na nGall chomh speisialta sin — níl coróin curtha ar an chultúr anseo, tá sé beo beathach sa phobal.”

Is féidir súil a chaitheamh ar chlár iomlán na n-imeachtaí ach bróisiúr 'Bealtaine i nDún na nGall' a fháil ó do leabharlann nó d'ionad cultúrtha áitiúil. Tá an clár agus sonraí maidir le himeachtaí a chur in áirithe le fáil ar ár suíomh gréasáin www.donegalculture.ie  nó cuir glaoch ar (074) 917 5384.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Image text description

Date: 09 Feabh 2026

Seoladh ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’

Is mór ag Músaem Chontae Dhún na nGall agus Seirbhís Cartlainne an Chontae a fhógairt go bhfuil a dtogra is deireanaí ar a dtugtar ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’ seolta. Is togra idirchultúrtha é atá bunaithe ar bhéaloideas agus oidhreacht agus a bhfuil sé mar aidhm aige léargas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na heispéiris éagsúla imirce atá ag pobail ar fud Chontae Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)