Skip to main content

February

Seachtain na Gaeilge 2025 i gContae Dhún na nGall

Date: 20 Feabh 2025

Cultúr

Seachtain na Gaeilge 2025 i gContae Dhún na nGall

Colm Ferriter, múinteoir scoile agus an craoltóir aitheanta le Raidió Highland atá ceaptha mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2025 do Dhún na nGall.
Colm Ferriter, múinteoir scoile agus an craoltóir aitheanta le Raidió Highland atá ceaptha mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2025 do Dhún na nGall.

Tá Seachtain na Gaeilge ar leac an dorais linn agus tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh Seachtain na Gaeilge seolta i mbliana ag ócáid atá oscailte don phobal i Leabharlann na Rosann, Ionad Theampall Chróine, An Clochán Liath Dé hAoine, 28 Feabhra 2025 ag 7.30pm.  Beidh oíche siamsaíochta agus sólaistí ar fáil.  Fáilte roimh chách.

Is é Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach, An Clr John Shéamais Ó Fearraigh a dhéanfaidh an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge seo a sheoladh go hoifigiúil.  Tá an fhéile seo, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear ar an cheiliúradh is mó dar dteanga agus dár gcultúr dúchais dá bhfuil ann.  Tugann an fhéile deis d’achan duine sult a bhaint as an Ghaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon.

Is cúis athais dúinn a fhógairt fosta gurb é Colm Ferriter, múinteoir scoile agus an craoltóir aitheanta le Raidió Highland atá ceaptha mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2025 do Dhún na nGall.  Is as Leathaigh, deisceart Dhún na nGall ó dhúchas é ach tá cónaí air anois i nGaoth Dobhair.  Tá dhá bhliain déag caite aige ag obair mar láithreoir agus iriseoir le Raidió Highland.  Bíonn sé i mbun na gclár  Ruaille Buaille, Clár sa Charr agus neart eile.

Agus é ag caint faoina cheapachán, dúirt sé ‘Is mór an onóir a bheith mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2025 do Chontae Dhún na nGall, go háirithe mar gheall ar an mhéadú as cuimse atá tagtha ar an teanga le tamall anuas.  Tapaigh an deis chun tabhairt faoi thuras teanga le linn Sheachtain na Gaeilge’.

Beidh an Fhéile Idirnáisiúnta seo, Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 1 - 17 Márta 2025 agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge socraithe ag Rannóg na Gaeilge, an tSeirbhís Leabharlainne agus grúpaí pobail eile do Chontae Dhún na nGall.

Sonraí ar fáil ag –

https://www.donegalculture.ie/en/news/2025/february/seachtain-na-gaeilge/

Tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Róise ag rmcclafferty@donegalcoco.ie

nó téigh chuig www.snag.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Aib 2026

LSanna leabharlann Bhaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise (LSanna) ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)