Skip to main content

March

Scéalaithe Frances Browne – Ag Amharc Tríd: Ceiliúradh ar Scéalaíocht le Daoine a bhfuil Lagú Amhairc Orthu

Date: 05 Márta 2025

Cultúr

Scéalaithe Frances Browne – Ag Amharc Tríd: Ceiliúradh ar Scéalaíocht le Daoine a bhfuil Lagú Amhairc Orthu

Tá Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall agus Féile Liteartha Frances Browne ag tabhairt cuireadh do scéalaithe dalla agus lagamhairc, a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, páirt a ghlacadh agus píosaí a chur isteach lena gcur san áireamh i ndíolaim dhigiteach a sheolfar san fhómhar, agus a mhaoineoidh Éire Ildánach. Tá súil againn bailiúchán eicléictiúil saothar a chruthú ina mbeidh gach seánra scríbhneoireachta: ó scéalta simplí go liricí amhráin, ó fhilíocht ó bhéal go neamhfhicsean den saol.

Is féidir le haighneachtaí:

  • spreagadh a fháil ó shaol agus ó shaothar Frances Browne
  • léargas a thabhairt ar thaithí saoil na scéalaithe
  • tarraingt ó shamhlaíocht na scéalaithe
  • Is féidir le haighneachtaí a bheith ina meascán bunaidh de na trí cinn fosta!

Beidh seisiúin eolais ar líne ar fáil chun scríbhneoirí dalla agus lagamhairc a chur in aithne do scéal saoil agus corpas oibre Frances Browne, chun forléargas a thabhairt ar stíleanna éagsúla scríbhneoireachta cruthaithí agus chun leideanna a thabhairt maidir le cleachtas scríbhneoireachta a bhunú. Beidh éascaitheoir an tionscadail ar fáil fosta ar ríomhphost, le linn fhuinneog na n-aighneachtaí, chun freagra a thabhairt ar cheisteanna.

Na príomhdhátaí

Dátaí na seisiún eolais ar líne:

  • Dé Luain 10 Márta 7pm
  • Dé Luain 24 Márta 7pm
  • Dé Luain 31 Márta 7pm

Ní gá do dhaoine ar spéis leo é freastal ach ar sheisiún faisnéise amháin ó na dátaí atá ar fáil.

Fuinneog na n-aighneachtaí:

Oscailte: Dé Luain 3 Márta

Dúnta: Dé Domhnaigh 31 Lúnasa

Seoladh na Díolama:

Tabharfar cuireadh do scríbhneoirí a bhfuil a saothar san áireamh sa díolaim teacht chuig a seoladh le linn Fhéile Liteartha Frances Browne i mí Dheireadh Fómhair i Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall.

Beidh inrochtaineacht mar phríomhthosaíocht agus an díolaim dhigiteach á déanamh

Déanfar iniúchadh freisin ar leagan clóite den díolaim a tháirgeadh

Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó scríbhneoirí aonair. Féachfaimid le píosa oibre amháin ar a laghad ó gach scéalaí a chur san áireamh ach beidh an eagarthóireacht faoi smacht ag eagraithe an tionscadail.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal agus chun clárú le haghaidh seisiún eolais, seol ríomhphost chuig Francesbrownestorytellers@outlook.com


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)