Skip to main content

May

Gairdín na gCéadfaí nua seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall chun folláine agus cuimsiú a chur chun cinn

Date: 13 Beal 2025

Cultúr

Gairdín na gCéadfaí nua seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall chun folláine agus cuimsiú a chur chun cinn

An ribín á ghearradh ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy agus ag an Clr. Michael McMahon ag Oscailt Oifigiúil Ghairdín na gCéadfaí ag Leabharlann Bhun Dobhráin
An ribín á ghearradh ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy agus ag an Clr. Michael McMahon ag Oscailt Oifigiúil Ghairdín na gCéadfaí ag Leabharlann Bhun Dobhráin

Tá áthas ar Leabharlanna Dhún na nGall a fhógairt gur osclaíodh Gairdín na gCéadfaí nua ag Leabharlann Bhun Dobhráin go hoifigiúil ar an Luan 12 Bealtaine 2025. Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall an Clr. Niamh Kennedy an gairdín a oscailt go hoifigiúil.  Beidh an gairdín nua ina spás fáilteach, deartha chun tacú le riachtanais chéadfacha de gach aois agus cumas.

Suite ar thailte na leabharlainne tá meascán de dhromchlaí tadhlacha, de phlandaí cumhra mar aon le spreagthaí amhairc agus fuaime i nGairdín na gCéadfaí.

Cuireann an gairdín timpeallacht shábháilte agus shíochánta ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu, do dhaoine a bhfuil dúshláin phróiseála a bhaineann leis na céadfaí acu agus d'aon duine a bhfuil spás suaimhneach á lorg acu chun meabhrú agus lena scríste a dhéanamh.

Is éard atá i gceist leis an ghairdín ná spás a chruthú ina mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu ann agus go bhfuiltear ag tacú leo. Is síneadh nádúrtha é seo ar na seirbhísí cuimsitheacha a bhfuil sé mar aidhm againn iad a sholáthar gach lá.

Ag labhairt di ag an Seoladh dúirt an Comhairleoir Kennedy 'Is é an sprioc uileghabhálach atá leis an ghairdín ná go mbeidh suaimhneas, sábháilteacht, neamhspleáchas agus aiseag sláinte le fáil ann. Lena chois sin, chun a chinntiú go ndéantar freastal ar gach duine agus níos tábhachtaí ná sin, cosúil lenár leabharlanna féin - go bhfuil fáilte roimh gach duine i gcónaí beag beann ar aois nó ar chumas. Tá teacht ag daoine ar na seirbhísí seo, tá siad á n-úsáid agus tá an spás leabharlainne níos inrochtana agus níos cuimsithí. Tá spás sábháilte agus sultmhar curtha ar fáil anois do chách.'

Tá an tionscadal ag teacht le tiomantas leanúnach Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall le seirbhísí céadfacha a fhorbairt agus a chur ar fáil i mbrainsí éagsúla ar fud an chontae. Ina measc seo tá spásanna céadfacha, boscaí solais, imeachtaí atá oiriúnach don uathachas agus am suaimhnis sa leabharlann. Tá sé mar aidhm againn go mbeadh an leabharlann ina spás fáilteach agus inrochtana do gach ball den phobal.

Is iad an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a mhaoinigh an tionscadal seo faoin Chiste Aitheantais Pobail.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 03 Feabh 2026

Cláracha Cumarsáide Úra seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall chun tacú leis an Rochtaineacht don uile dhuine ar fud an Chontae

Tá togra úr seolta ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ina gcuirtear Cláracha Cumarsáide suas ar fud a cuid brainsí, rud atá ina chéim shuntasach chun tosaigh i dtreo an inrochtaineacht agus an ionchuimsitheacht a fheabhsú do gach duine a úsáideann na leabharlanna

Image text description

Date: 30 Ean 2026

‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ Seolta chun Cuidiú le Daoine Billí a Laghdú agus Éifeachtacht Fuinnimh a Mhéadú

Le costais fuinnimh ag ardú agus imní faoin timpeallacht ag méadú, tá áthas ar Leabharlann Chontae Dhún na nGall seoladh an treoirleabhráin nua ‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ a fhógairt. Tá an treoirleabhrán seo scríofa i dteanga shimplí shoiléir agus míníonn sé do dhaoine an dóigh is fearr leis na huirisí i dTrealamh Fuinnimh Baile na leabharlainne a úsáid.

Image text description

Date: 21 Ean 2026

Ceoltóirí as Gach Pobal ag Teacht le Chéile trí PEACEPLUS: An Clár ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’, ar fiú €75,000 é.

Tiocfaidh ceoltóirí as gach pobal le chéile - ag comhoibriú, ag cruthú agus ag nascadh trí thionscadal tiomnaithe léirithe ceoil. Déanfaidh Póca Productions, i gcomhar leis an Ionad Cultúrtha Réigiúnach agus Comhpháirtíocht PEACEPLUS Chomhairle Contae Dhún na nGall, ceiliúradh ar sheoladh oifigiúil ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ - clár a bheas ar bun ar fud an chontae.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)