Skip to main content

May

Siúil i bhfiántas na hInse an mhí seo

Date: 29 Beal 2025

Oidhreacht

Siúil i bhfiántas na hInse an mhí seo

Tá fearadh na fáilte rompu sin a bhfuil a gcroí sa nádúr acu tuilleadh a fhoghlaim faoi éiceachóras saibhir agus spéisiúil Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse i nDún na nGall ag imeacht speisialta a bheas ar siúl ar an Satharn 7 Meitheamh.

Bain pléisiúr as réimse gníomhaíochtaí taobh amuigh faoi stiúir saineolaithe nádúir agus Oifigigh Bhithéagsúlachta ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Beidh na gníomhaíochtaí ar siúl in Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse mar chuid den tionscadal ‘Bithéagsúlacht gan Teorainn’.

Tá Éire Ildánach ag tacú leis an imeacht seo agus is iad Comhaire Contae Dhún na nGall atá ina bhun mar chuid de chlár Oileán Comhroinnte i gcomhar le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin le Cruinniú na nÓg a cheiliúradh.

Tá an Anaclann suite ar an taobh thoir de Loch Súilí agus is inti atá an-éagsúlacht de gheabhróga goir, d’fhaoileoga, de lapairí agus de lachain, agus sa gheimhreadh, bíonn idir ealaí agus ghéanna le fáil inti rud a chiallaíonn go mbíonn fairtheoirí éan ag tarraingt ar an áit go minic.

Bí ag faire ar na héin i gcuideachta Aengus Kennedy ó Nádúr an Iarthuaiscirt nó léim chuig Frog CIC le blaiseadh a fháil den méid a tharlaíonn faoin uisce, agus aimsigh bláthanna fiáine, crainn agus feithidí le hAnnie Mullan ó Fheirm Butterlope.

Mhol Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Niamh Kennedy an t-imeacht seo: “Imeacht iontach faoin aer a bheas ann, ceann de 35 imeachtaí atá beartaithe sa Chontae le Cruinniú na nÓg a cheiliúradh agus tá muid ag súil go mór le bheith taobh amuigh agus le sult a bhaint as an bhithéagsúlacht iontach atá againn!”

Ag tagairt do na himeachtaí, dúirt Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr Lilian Seenoi Barr: “Tá muid buíoch beannachtach go bhfuil limistéir lán le háilleacht nádúrtha mórthimpeall orainn agus tá An Inis ag cur thar maoil le fiadhúlra fíorspéisiúil. Is deis é an t-imeacht seo le tuilleadh a fhoghlaim faoi na plandaí agus ainmhithe atá ag maireachtáil sa tírdhreach linn agus an dóigh gur féidir linn iad a chosaint chun go mbeidh rath orthu. “Níl aon teorainn ann ó thaobh timpeallacht roinnte de agus tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin tiomanta don chomhoibriú lenár bpáirtithe i nDún na nGall le bithéagsúlacht a chur chun cinn ar mhaithe le gach duine atá i gceantair ar an teoarainn. Beidh neart spraoi ann do theaghlaigh agus mar sin bígí páirteach ann!”

Idir meán lae agus 3pm is féidir le cuairteoirí cosán spraíúil bithéagsúlachta a leanstan thart ar chuid de lúb 8km an oileáin, ina mbeidh deis ann duaiseanna fiáine a aimsiú. Beidh mála féiríní saor in aisce ar fáil do na chéad 30 teaghlach a chláraíonn agus a fhreastalaíonn ar an imeacht. Cuirfear tús leis an spraoi ag Carrchlós Farland agus tá fáilte roimh chuairteoirí bualadh isteach am ar bith ón mheán lae ar aghaidh.

Téigh chuig  https://www.eventbrite.co.uk/e/wild-day-out-at-inch-for-cruinniu-na-nog-tickets-1376106484539?aff=oddtdtcreator le tuilleadh eolais a fháil agus le clárú.

Is smaoineamh de chuid an chláir Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg agus is iad foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall atá á reáchtáil go háitiúil. Tá na sonraí uilig faoi na himeachtaí i nDún na nGall, eolas faoi áirithintí san áireamh, le fáil ag donegalculture.ie. Ní mór áit a chur in áirithe do roinnt de na himeachtaí, go háirithe na himeachtaí sin a mbaineann líon teoranta áiteanna leo.  

Is tionscadal é Cruinniú na nÓg faoin Chlár Éire Ildánach, mar chuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar le RTÉ agus na hÚdaráis Áitiúla.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Aib 2026

Tacaíocht d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú

Tá tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme i gContae Dhún na nGall a chaomhnú faoi Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme atá á riar ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is é is aidhm le Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme a chinntiú go gcaomhnaítear, fá choinne úsáid talmhaíochta, foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir ghaolmhara eile a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus a bhfuil luach oidhreachta leo. Ní ghlacfar ach le hiarratais ar líne agus is é 5pm Dé Luain 18 Bealtaine an dáta deiridh chun iarratais ar an scéim deontais a fháil. Feirmeoirí a bhfuil sé i gceist acu cur isteach ar scéim na bliana seo, moltar dóibh freastal ar sheimineár gréasáin gairid ar 12 meán lae Dé hAoine 17 Aibreán. Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag www.heritagecouncil.ie agus ar (086) 025 9202.

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)