Skip to main content

January

Blinkist. Sársmaointe – faoi cheann ceathrú uaire

Date: 12 Ean 2026

Cultúr

Blinkist. Sársmaointe – faoi cheann ceathrú uaire

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an t-ábhar digiteach is úrnua dá cuid a dtugtar Préimh Blinkist air, ar fáil saor in aisce d’aon sealbhóir cárta atá cláraithe. I gcomhpháirtíocht le Library Ideas, LLC, tá Dún na nGall i gcomhar le leabharlanna ar fud an domhain ag cinntiú go bhfuil rochtain ag daoine ar  Blinkist – ardán le haghaidh foghlaim fad saoil.

Tá Binkist deartha don léitheoir comhaimseartha agus tugann sé príomhléargais ó leabhar neamhfhicsin, ó chomhad fuaime, agus ó achoimrí ar phodchraoltaí a dtugtar Blinks orthu. Is féidir le húsáideoirí ó gach cúlra smaointe móra a scagadh agus eolas cuimsitheach a fháil ar réimse topaicí ar dhóigh a chuireann lena spriocanna cineál saoil, lena scileanna pearsanta agus lena scileanna forbartha proifisiúnta. Le scoth na n-achoimrí cumasacha ar Blinkist, tá deis ag úsáideoirí sársmaointe a thógáil ó phlúr na leabhar ar nós Why We Sleep le Matthew Walker, The Psychology of Money, le Morgan Housel, How to Talk to Anyone, le Leil Lowndes agus na mílte leabhar eile.

A bhuíochas do Blinkist, tá an rochtain agus áisiúlacht ann do phátrúin leabharlainne teacht ar ardán atá inaitheanta, furasta le húsáid agus a bhfuil an-tóir air. Tá ábhar digiteach den scoth le fáil air agus baineann breis agus 41 milliún duine ar fud an domhain úsáid as. Is féidir do dhúil a bhaint as Blinks aon am, aon áit tríd an aip saor in aisce a íoslódáil ón Apple App Store®  nó Google Play Store®, nó is féidir an leagan deisce a fháil ar shuíomh gréasáin na leabharlainne.

“Is cor cinniúnach d’fhoghlaimeoirí fad saoil ár bpobail é Blinkist,” a dúirt Karen Sheehy, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin le Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall “oireann sé go maith do dhaoine ar mhaith leo cur lena gcuid eolais ach nach mbíonn sé d’am acu leabhar a léamh ina iomláine.”

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Blinkist nó más mian leat triail a bhaint as, caith súil ar an leabharlann ar líne ag donegallibrary.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Aib 2026

LSanna leabharlann Bhaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise (LSanna) ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)