Skip to main content

January

Ceoltóirí as Gach Pobal ag Teacht le Chéile trí PEACEPLUS: An Clár ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’, ar fiú €75,000 é.

Date: 21 Ean 2026

Cultúr

Ceoltóirí as Gach Pobal ag Teacht le Chéile trí PEACEPLUS: An Clár ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’, ar fiú €75,000 é.

Tiocfaidh ceoltóirí as gach pobal le chéile - ag comhoibriú, ag cruthú agus ag nascadh trí thionscadal tiomnaithe léirithe ceoil. Déanfaidh Póca Productions, i gcomhar leis an Ionad Cultúrtha Réigiúnach agus Comhpháirtíocht PEACEPLUS Chomhairle Contae Dhún na nGall, ceiliúradh ar sheoladh oifigiúil  ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ - clár a bheas ar bun ar fud an chontae.

Mar chuid den tionscadal seo, tiocfaidh ceoltóirí le féiniúlachtaí cultúrtha ar leith le chéile i mbun comhoibrithe trí chumadóireacht cheoil agus foghlaim chomhroinnte. Beidh béim á cur ar an téama séasúrach Imbolc.

Is Clár de chuid PEACEPLUS é ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ a bheas ar bun ar fud an chontae agus a bhfuil sé mar aidhm aige pobail rathúla faoi shíocháin a chothú trí chomhshaothar ceoil, ach go gcuirfí cuimsiú sóisialta agus éagsúlacht chultúrtha chun cinn i measc gach cúlra sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch.

Beidh Imbolc, an chéad cheann i sraith cónaitheachtaí léirithe ceoil ar siúl ag deireadh mhí Eanáir. Beidh cónaitheachtaí eile ar bun le linn 2026 a dhéanfaidh ceiliúradh ar Bhealtaine, ar Lughnasa agus ar Shamhain.

‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ arna thacú ag PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (SEUPB), agus atá ar cheann de 32 tionscadal de Phlean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tá €7.6 milliún á chur ar fáil tríd an phlean seo chun tacú le tionscadail chothaithe síochána ar bhonn trasphobail agus trasteorann ar fud Dhún na nGall idir 2025 agus 2027.

Ag labhairt dó ag seoladh oifigiúil an tionscadail, dúirt Cathaoirleach na Comhairle, an Clr Paul Canning, agus Cathaoirleach ar Chomhpháirtíocht PEACEPLUS Dhún na nGall:

“Tógtar pobail shíochánta ar chaidreamh. Tá ról ríthábhachtach ag tionscadail mar seo ó thaobh rannpháirtíocht idirchultúrtha agus trasphobail a spreagadh, ó thaobh tacú le folláine, agus ó thaobh caidrimh a chothú a chuireann le síocháin fhadtéarmach agus le comhtháthú sóisialta.”

“Fágfaidh ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ lorg buan ina dhiaidh. Cothófar caidrimh úra, laghdófar aonrú sóisialta, sárófar bacainní, agus neartófar rannpháirtíocht an phobail trí cheol dá bharr. I gcás go leor rannpháirtithe, cuirfidh an clár seo rochtain ar fáil ar dheiseanna nach mbeadh ar fáil murach sin, agus mairfidh na buntáistí i bhfad níos faide ná saolré an tionscadail.”

Dúirt Camilla Meegan ó Póca Productions:

“Is teanga dhomhanda agus uirlis chumhachtach é an ceol chun daoine a thabhairt le chéile. Táimid thar a bheith sásta an t-am agus an spás faoi leith seo a chur ar fáil do cheoltóirí chun gur féidir leo teacht le chéile, comhoibriú agus a bheith ag cruthú ábhar faoi threoir ár n-éascaitheoirí iontacha. Tá súil againn go mbainfidh rannpháirtithe na gcónaitheachtaí léirithe ceoil ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ sult as an phróiseas, go gcothóidh siad caidrimh úra, agus go mbeidh giota craic acu fosta.”

Dúirt Jeremy Howard ón Ionad Cultúrtha Réigiúnach:

“Is é atá i gceist le ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ ná daoine a thabhairt le chéile trí cheol, agus spás tacúil a chruthú inar féidir le ceoltóirí comhoibriú, foghlaim agus saothar nua a fhorbairt. Seo an meon atá i gcroílár gach a ndéanaimid san Ionad Cultúrtha Réigiúnach. Táimid thar a bheith sásta dul i gcomhpháirtíocht le Póca Productions agus gabhaimid buíochas le Comhairle Contae Dhún na nGall, leis an LCDC, agus le PEACEPLUS as an tacaíocht a chuir ar fáil chun an clár seo a thabhairt chun críche.”

Beidh an Chónaitheacht Léirithe Ceoil ar Bhealtaine ar siúl 8-10 Bealtaine 2026. Beidh na hiarratais ar oscailt go luath i mí Aibreáin. Chun clárú don liosta seachadta le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le mairead@pocaproductions.ie .

Trí mhaoiniú PEACEPLUS, baineann ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ úsáid as cumhacht an cheoil chun comhphlé, cuimsiú agus rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn, a chuidíonn le pobail níos láidre, níos dlúithe agus níos síochánta a chothú ar fud Dhún na nGall.

Tá ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ arna thacú ag PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (SEUPB).


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 21 Ean 2026

Ceoltóirí as Gach Pobal ag Teacht le Chéile trí PEACEPLUS: An Clár ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’, ar fiú €75,000 é.

Tiocfaidh ceoltóirí as gach pobal le chéile - ag comhoibriú, ag cruthú agus ag nascadh trí thionscadal tiomnaithe léirithe ceoil. Déanfaidh Póca Productions, i gcomhar leis an Ionad Cultúrtha Réigiúnach agus Comhpháirtíocht PEACEPLUS Chomhairle Contae Dhún na nGall, ceiliúradh ar sheoladh oifigiúil ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ - clár a bheas ar bun ar fud an chontae.

Image text description

Date: 12 Ean 2026

Blinkist. Sársmaointe – faoi cheann ceathrú uaire

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an t-ábhar digiteach is úrnua dá cuid a dtugtar Préimh Blinkist air, ar fáil saor in aisce d’aon sealbhóir cárta atá cláraithe. I gcomhpháirtíocht le Library Ideas, LLC, tá Dún na nGall i gcomhar le leabharlanna ar fud an domhain ag cinntiú go bhfuil rochtain ag daoine ar Blinkist – ardán le haghaidh foghlaim fad saoil.

Image text description

Date: 09 Ean 2026

Tús curtha le Read DL 26 ar ‘Around the Northwest’ le John Breslin

Cuireadh tús le Read DL 2026 Déardaoin 8 Eanáir 2026. Seoladh ar an chlár ‘Around the Northwest’ é le John Breslin ar Raidió Highland. Is é an leabhar atá roghnaithe i mbliana ná ‘The Boy with Big Decisions’ le Helen Rutter.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)