Skip to main content

January

Tús curtha le Read DL 26 ar ‘Around the Northwest’ le John Breslin

Date: 09 Ean 2026

Cultúr

Tús curtha le Read DL 26 ar ‘Around the Northwest’ le John Breslin

Cuireadh tús le Read DL 2026 Déardaoin 8 Eanáir 2026. Seoladh ar an chlár  ‘Around the Northwest’ é le John Breslin ar Raidió Highland. Is é an leabhar atá roghnaithe i mbliana ná ‘The Boy with Big Decisions’ le Helen Rutter..

Leanfaidh Read DL ar aghaidh go dtí 26 Márta. Beidh Raidió Highland  i mbun craolta arís ag an searmanas clabhsúir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.  Tá 2,000 leabhar ar fáil arís i mbliana, ar luach €2 an ceann. Is féidir leat clárú anois ar shuíomh Gréasáin Read DL (www.readdonegal.com ). Dúnfar an clárúchán chomh luath agus a bheidh an 2,000 leabhar imithe. Tá breis is 22,000 leabhar scaipthe anois ag Read DL ó 2012 i leith.

Is é an aidhm atá le Read DL ná ceann atá simplí: feasacht agus grá don léitheoireacht a chothú i gContae Dhún na nGall. Labhair Seosamh Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin agus Comhordaitheoir Ceart chun Léitheoireachta le Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall, ag seoladh na bliana seo. Bhí sé thar a bheith sásta leis an éileamh.

“Tá an-áthas orainn a bheith faoi lánseol arís in 2026.
Is togra iontach é seo.  Éiríonn leis samhlaíocht na múinteoirí, na mac léinn, na ngrúpaí pobail agus na dteaghlach ar fud an Chontae a fháil. Bíonn Read DL ar bun ag an am céanna le ‘Éire ag Léamh’. Lá náisiúnta ceiliúrtha ar an léitheoireacht atá ann. Beidh neart gníomhaíochtaí litearthachta agus imeachtaí áitiúla ar siúl’
.

‘Tá lúcháir mhór orainn fosta leis an tacaíocht arís i mbliana ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus ón Oifig de chuid ‘Litearthacht d’Aosaigh don Saol’.  Chomh maith leis sin, thacaigh Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh Dhún na nGall go mór linn. Is comhpháirtíocht rathúil í seo a chothaíonn agus a spreagann an léitheoireacht laistigh den phobal ar fad.'

'Tuigimid fosta cé nach féidir linn freastal ar an éileamh ar leabhair, spreagann muid gach duine chun páirt a ghlacadh i Read DL. Is féidir leat é seo a dhéanamh ach cuairt a thabhairt ar www.donegalculture.ie agus cóipeanna den leabhar a chur in áirithe nó tabhair cuairt ar do Leabharlann áitiúil chun cóip den leabhar a fháil.

Tá acmhainní leabhar agus comórtais ar fáil fosta ar an suíomh gréasáin www.readdonegal.com

Tá leabhar na bliana seo an-oiriúnach go háirithe do dhaltaí i Rang a Sé (Bunscoil) agus sa chéad bhliain (Meánscoil). Caithfidh siad cinntí móra a dhéanamh faoin scoil, faoi chairde agus faoi na rudaí is mian leo a dhéanamh sa saol amach anseo.  Beidh seimineár gréasáin ar líne á reáchtáil ag an údar Helen Rutter le linn thréimhse an togra do gach duine a chláraíonn.

Is togra litearthachta ‘Leabhar Amháin, Pobal Amháin’ é Read DL a bhíonn ar siúl gach earrach. Táimid buíoch as tacaíocht na ngníomhaireachtaí agus na n-oibrithe deonacha uilig atá mar chuid den choiste. Cuireann siad an oiread sin dá gcuid ama ar leataobh chun go n-éireoidh leis an togra gach bliain.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar shaothar Read DL agus chun leabhair agus údair ó na blianta a chuaigh thart a fheiceáil, tabhair cuairt ar líonraí sóisialta Read DL agus ar www.readdonegal.com


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Aib 2026

LSanna leabharlann Bhaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise (LSanna) ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)