Skip to main content

April

Léim isteach i nDraíocht na Léitheoireachta le ‘Preab isteach sa Scéal’ a bheas ar siúl ar fud Leabharlanna Dhún na nGall i mí Aibreáin!

Date: 01 Aib 2025

Cultúr

Léim isteach i nDraíocht na Léitheoireachta le ‘Preab isteach sa Scéal’ a bheas ar siúl ar fud Leabharlanna Dhún na nGall i mí Aibreáin!

Bí réidh le haghaidh mí lán samhlaíochta agus spraoi! Tá Leabharlanna Dhún na nGall iontach sásta ‘Preab isteach sa Scéal’ a chur i láthair, clár aoibhinn a bheas ar siúl le linn na míosa, dírithe ar pháistí idir 0-10 mbliana d’aois agus ar a dteaghlaigh.

Cuireann ‘Preab isteach sa Scéal’ rud inteacht ar fáil d’achan duine – idir sheisiúin bhríomhara le scéalta idirghníomhacha do thachráin agus cheardlanna cruthaitheacha do pháistí níos sine. Tá réimse imeachtaí beartaithe mar chuid de ‘Preab isteach sa Scéal’ agus is cinnte go spreagfar suim sa léitheoireacht. Mar chuid den chlár náisiúnta ‘Ceart chun Léamh’, táimid tiomanta d'fhorbairt litearthachta agus léitheoireachta a chothú do chách, rud a fhágann gur aistear lán eachtraíochta í an fhoghlaim.

Scaoil Saor na Sceitimíní:

  • Eachtraí Scéalaíochta le Téama: Léim isteach i ndomhan lán draíochta lenár seisiúin bhríomhara le scéalta idirghníomhacha, atá fóirsteanach d’éisteoirí óga.
  • Ceardlanna Cruthaitheacha: Scéalta faoi Lán Seoil! Cruthaigh nithe inláimhsithe bunaithe ar scéalta le gníomhaíochtaí praiticiúla a spreagann an tsamhlaíocht.
  • Aíonna Scéalaíochta: Scéalta le Cuimhneamh orthu: Bí faoi gheasa ag taispeántais tarraingteacha le húdair, le healaíontóirí agus le scéalaithe áitiúla.
  • Dúshlán LEGO: Cruthaigh Dúil Bheo Earraigh: Scaoil le do shamhlaíocht agus cruthaigh dúil bheo earraigh le brící LEGO!
  • Ceardlanna ar Chruthú Cartún: Bí i do Bheochantóir: Tabhair na carachtair chartúin is fiáine chun beochta agus cuir spéis i ndraíocht na beochana.
  • Seónna Draíochta le Ceol: Siansa Draíochtúil: Bain sult as an mheascán draíochtúil ceoil agus as an draíodóireacht féin ag na seónna idirghníomhacha seo.

I Leabharlanna Dhún na nGall, creidimid go bhfuil sé fíorthábhachtach spéis sa léitheoireacht a chothú ó aois an-óg. Tá ár gclár ‘Preab isteach sa Scéal’ saor in aisce agus é mar aidhm aige a bheith spraíúil, inrochtana agus ionchuimsitheach, ag cinntiú go mbaineann gach páiste sult as aoibhneas na leabhar.

Ná caill an deis! Tabhair cuairt ar do Leabharlann áitiúil i nDún na nGall chun sceideal agus amanna na n-imeachtaí a fháil amach. Tá gach imeacht saor in aisce agus tá fáilte roimh chách.

Coinnigh Suas Chun Dáta:

  • Chun mioneolas a fháil ar na himeachtaí go léir, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin: donegallibrary.ie 
  • Lean muid ar Facebook: @DonegalCountyLibrary agus ar Instagram: @donegalLibrary

Léimimis isteach sa Scéalaíocht le chéile an tEarrach seo!


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)