Skip to main content

July

Maoiniú ar Fáil do Struchtúir Stairiúla faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) 2026 agus faoin Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla (HTB) 2026

Date: 31 Iúil 2025

Oidhreacht

Maoiniú ar Fáil do Struchtúir Stairiúla faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) 2026 agus faoin Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla (HTB) 2026

Teachín ceann tuí le rópaí in Inbhear a fuair maoiniú le díon nua Tuí Seagail a chur air faoin Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí 2024. Déantar tuíodóireacht le rópaí in iarthar agus i dtuaisceart Dhún na nGall go fóill ach is beag áit in Éirinn a bhfaighfeá a leithéid.
Teachín ceann tuí le rópaí in Inbhear a fuair maoiniú le díon nua Tuí Seagail a chur air faoin Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí 2024. Déantar tuíodóireacht le rópaí in iarthar agus i dtuaisceart Dhún na nGall go fóill ach is beag áit in Éirinn a bhfaighfeá a leithéid.

D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, go leanfar le cur i bhfeidhm na Scéime Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) 2026 agus leis an Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla (HTB) 2026. Tá an dá scéim maoinithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus á riaradh ag Údaráis Áitiúla.

Is é an aidhm atá leis an Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla ná luach oidhreachta na bhfhoirgneamh ceann tuí stairiúil ar fud na hÉireann a chosaint. Tá gach struchtúr ceann tuí stairiúil i gContae Dhún na nGall incháilithe faoin scéim seo agus ní gá dó a bheith ar Thaifead na Struchtúr Cosanta. Cuirfidh scéim deontais na bliana seo tacaíocht ar fáil do thionscadail ath-thuí mhórscála suas le €20,000. Is féidir leis an mhaoiniú suas le 80% de chostais iomlána chaipitil na n-oibreacha a chlúdach.

Is é cuspóir Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) 2026 ná tacú le deisiú agus le caomhnú na bhfoirgneamh agus na struchtúr stairiúil taobh istigh de Limistéir Chaomhantais atá faoi chosaint ag na hAchtanna Pleanála agus Forbartha. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo tacú le líon suntasach tionscadal ar fud na tíre chomh maith le lucht caomhantais, lucht ceardaíochta agus lucht ceirde a fhostú leis an timpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú. Tá deontais idir €2,500 agus €50,000 ar fáil. Cuimsíonn an scéim sruthanna le haghaidh foirgneamh dúchasach agus le haghaidh aghaidheanna siopaí stairiúla fosta.

Is é 4pm Dé hAoine 26 Meán Fómhair, 2025 an dáta deiridh le hiarratas a chur isteach don dá scéim. Tá imlitreacha, eolas agus foirmeacha iarratais don Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla 2026 agus don Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) 2026 ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ag: https://www.donegalcoco.ie/en/services/planning/architectural-conservation/grant-schemes/ 

Ní mór na hiarratais don dá scéim a dhéanamh go díreach trí ríomhphost architecturalconservation@donegalcoco.ie nó tríd an phost chuig an Oifig Caomhantais Ailtireachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Seirbhísí Pleanála, Áras an Chontae, An Diamant, Leifear, F93 Y622.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 20 Aib 2026

Breis agus €243,000 le Séadchomharthaí Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall a chaomhnú

Tá maoiniú faoi Chiste Séadchomharthaí Pobail 2026 le dul chun tairbhe do shéadchomharthaí seandálaíochta i gContae Dhún na nGall, mar go bhfuil liúntas iomlán €243,737 i ndiaidh a bheith bronnta chun tacú le hoibreacha caomhnaithe, cothabhála, inrochtaineachta agus léirmhínithe ag cuid de na suíomhanna is suntasaí stair sa chontae. Is tionscnamh de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta é an Ciste Séadchomharthaí Pobail, sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus é á chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla, Comhairle Contae Dhún na nGall ina measc

Image text description

Date: 13 Aib 2026

Tacaíocht d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú

Tá tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme i gContae Dhún na nGall a chaomhnú faoi Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme atá á riar ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is é is aidhm le Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme a chinntiú go gcaomhnaítear, fá choinne úsáid talmhaíochta, foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir ghaolmhara eile a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus a bhfuil luach oidhreachta leo. Ní ghlacfar ach le hiarratais ar líne agus is é 5pm Dé Luain 18 Bealtaine an dáta deiridh chun iarratais ar an scéim deontais a fháil. Feirmeoirí a bhfuil sé i gceist acu cur isteach ar scéim na bliana seo, moltar dóibh freastal ar sheimineár gréasáin gairid ar 12 meán lae Dé hAoine 17 Aibreán. Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag www.heritagecouncil.ie agus ar (086) 025 9202.

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)