Skip to main content

May

Lá na hEorpa á cheiliúradh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Date: 06 Beal 2025

Cultúr

Lá na hEorpa á cheiliúradh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Lá na hEorpa i Lárleabharlann Leitir Ceanainn
Lá na hEorpa i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Chun Lá na hEorpa a cheiliúradh, beidh imeacht saor in aisce á reáchtáil i Lárleabharlann Leitir Ceanainn Dé hAoine 9 Bealtaine ó 11.00am go dtí 1.00pm. Beidh bianna samplacha agus fíricí spraíúla ann ó thíortha lena n-áirítear an Pholainn, an Ísiltír, an Fhrainc an Spáinn agus Éire. Beidh deis ann fosta cultúr na hÉireann a fhiosrú agus roinnt frásaí Gaeilge a fhoghlaim (Cúpla focal).

Ceiliúrann Lá na hEorpa an tsíocháin agus an aontacht san Eoraip. Is é seo an dáta a dhéantar comóradh ar 'dearbhú Schuman' - togra stairiúil a rinne Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, in 1950 a leag amach bunús an chomhair Eorpaigh. Meastar gurbh é togra Schuman a chuir tús leis an Aontas Eorpach mar a thugann muid air sa lá atá inniu ann.

Is ócáid speisialta é Lá na hEorpa i mbliana mar go bhfuiltear ag ceiliúradh 75 bliain ó tharla dearbhú Schuman.

Ní gá áirithint a dhéanamh don ócáid saor in aisce seo. Feicfidh muid ann thú!


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)