Skip to main content

November

Am Teaghlaigh i Do Leabharlann: Imeachtaí Spreagúla na Nollag do Theaghlaigh i Leabharlanna Dhún na nGall

Date: 26 Samh 2025

Cultúr

Am Teaghlaigh i Do Leabharlann: Imeachtaí Spreagúla na Nollag do Theaghlaigh i Leabharlanna Dhún na nGall

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall an clár, Am Teaghlaigh i Do Leabharlann, a bhfuiltear ag súil go mór leis, a fhógairt, ar ceiliúradh féiltiúil é atá deartha chun teaghlaigh a spreagadh le bheith páirteach i ndraíocht na léitheoireachta agus na scéalaíochta i mí na Nollag seo!

Le linn mhí na Nollag, beidh leabharlanna Dhún na nGall ina spásanna beomhara, cruthaitheachta ina mbeidh réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí saor in aisce atá dírithe ar an teaghlach ar fáil. Tá an clár lán le himeachtaí spreagúla theaghlaigh cosúil le seisiúin scéalaíochta, dúshláin bheochana Lego, péinteáil agus ceardaíocht, ceol le chéile, déantús chártaí Nollag, ceardlanna greannáin agus coirnéil léitheoireachta. Tá Am Teaghlaigh i do Leabharlann lán d’imeachtaí, spraíúla saor in aisce atá dírithe ar aoiseanna éagsúla. 

I measc Bhuaicphointí na Féile tá:

  • Scéalaíocht agus Ceardaíocht don Teaghlach: Glac páirt i seisiúin scéalaíochta ar théama na Nollag, agus ina dhiaidh sin gníomhaíochtaí iontacha ceardaíochta na féile.
  • Scéalta agus Amhráin le bean chéile Dhaidí na Nollag: Beidh seisiún scéalaíochta na Nollag ar fáil a lasfadh do chroí agus foinn a dhéanfadh do shéasúr saoire speisialta duit.
  • Dúshláin LEGO na Nollag don Teaghlach: Léirigh do chuid scileanna tógála inár ndúshláin spraoi LEGO a spreagann cruthaitheacht agus obair foirne!
  • Biongó na Nollag: Cruinnigh an teaghlach le haghaidh cluiche spraíúil Biongó le casadh don Nollaig.
  • Ceardlann chun Cártaí Nollag a dhéanamh: Bí ealaíonta agus cruthaigh cártaí Nollag áille ar féidir a roinnt le do chairde an Nollaig seo.
  • Cóisir PJ na Nollag: Cuir ort do phitseámaí is fearr leat, lig do scíth, agus bain taitneamh as tráthnóna scéalaíochta agus foinn na Nollag don teaghlach ar fad.

Is é is aidhm na n-imeachtaí tarraingteacha seo grá don léitheoireacht ar feadh an tsaoil a chothú, tacú leis an chlár An Ceart chun Léitheoireachta ag do Leabharlann, agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht an teaghlaigh in eispéireas léitheoireachta leanaí. Tá réimse leathan de Leabhair na Nollag do pháistí agus dhaoine fásta ar fáil i Leabharlanna Dhún na nGall agus ní ghearrtar fíneálacha níos mó! Cruthaíonn imeachtaí Am Teaghlaigh i do Leabharlann timpeallacht thacúil do leanaí chun taitneamh a bhaint as an léitheoireacht, sa leabharlann agus sa bhaile araon.

Tugann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall cuireadh do theaghlaigh as gach cearn de Dhún na nGall cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil agus páirt a ghlacadh sa cheiliúradh féiltiúil seo ar leabhair, ar chruthaitheacht agus ar spraoi.

Le haghaidh tuilleadh sonraí faoi na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí spreagúla atá ag tarlú i do cheantar, déan teagmháil le do leabharlann áitiúil nó tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin ag www.donegalculture.ie

Tá ballraíocht leabharlainne saor in aisce, agus beidh imeachtaí in achan cheann de na 13 leabharlann ar fud an chontae. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar donegallibrary.ie nó buail isteach chuig do leabharlann áitiúil.

Bhur Leabharlann, Bhur n-Am Teaghlaigh.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)