Skip to main content

November

An Óige i réim i gComórtas Óráidíochta Poiblí Europe Direct

Date: 21 Samh 2025

Cultúr

An Óige i réim i gComórtas Óráidíochta Poiblí Europe Direct

Bhí an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn lán go doras ar an Aoine 7 Samhain do chraobh réigiúnach de Chomórtas Óráidíochta Poiblí Europe Direct. Bhí 37 scoláire as scoileanna ar fud an chontae san iomaíocht agus bhí ardchaighdeán amach is amach ann. Tá moladh mór tuillte ag gach duine a ghlac páirt sa chomórtas. 

Ba é an téama a bhí le cíoradh i mbliana ná “An bhfuil sé thar am ag an Aontas Eorpach cosc a chur ar na meáin shóisitala do dhaoine faoi 16bl?”

Tugadh trí bhomaite do scoláirí labhairt ar son nó i gcoinne an rúin agus cuireadh go leor tuairimí i láthair go fuinniúil.

Comhghairdeas leis na buaiteoirí, Cassie Lambe ó Chlochar Loreto i Leitir Ceanainn (buaiteoir sa rannóg faoi 16bl) agus Nikolas Govka ó Choláiste Cranncha (buaiteoir sa rannóg os cionn 17bl). Bronnadh iPad Apple ar an bheirt acu mar dhuais. Déanfaidh Cassie agus Nikolas ionadaíocht do Dhún na nGall anois ag an Chraobh Náisiúnta de Chomórtas Óráidíochta Poiblí Europe Direct i mBaile Átha Cliath ar an 1 Nollaig. Guíonn muid gach rath agus ádh orthu. Táimid ag súil go mbeidh siad ag filleadh ar Dhún na nGall agus gradaim náisiúnta leo. 

Tréaslaíonn muid leo sin a tháinig sa dara agus sa tríú háit agus a chuir iad féin i láthair go maith (Annabel Breslin, 2ú háit faoi 16bl, Olan Doogan-Bellac, 3ú háit faoi 16bl, Conor Mc Shane, 2ú háit os cionn 17bl agus Sarah McHugh agus Riley Doherty 3ú háit (roinnte) sa rannóg os cionn 17bl).

Buíochas mór don phainéal moltóirí, an Dr. Gillian Kennedy, Bainisteoir Polasaí & Taighde, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, Mícheál Ó hÉanaigh, Leasuachtarán a bhfuil freagracht ar leith aige as an Óige, Cultúr agus Turasóireacht le Tionól Réigiúin na hEorpa, agus an Dr. Aoife Hill (Léachtóir sa Ríomhaireacht in OTA Leitir Ceanainn). Rinne an Coimisiún Eorpach agus Comhairle Contae Dhún na nGall urraíocht ar na duaiseanna uilig.

Tá Europe Direct i Leitir Ceanainn lonnaithe sa Lárleabhlann agus cuireann siad idir bhróisiúir, bhileoga agus eolas ar fáil faoi na deiseanna oibre, staidéir agus taistil atá ann taobh istigh den AE. Bíonn imeachtaí ar siúl acu, cuireann siad rochtain ar ríomhairí ar fáil chomh maith le nasc chuig Lárionad Glaonna Europe Direct a chuireann seirbhís saorghlao agus ríomhphoist ar fáil i gcás aon rud a bhaineann leis an AE. Tá an tseirbhís ‘Your Europe’ ar fáil fosta le comhairle a chur ar dhaoine faoi chúrsaí dlí agus go leor eile.

Is féidir ‘Europe Direct Letterkenny’ a leanúint ar Facebook le tuilleadh eolais a fháil.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)