Skip to main content

April

Acmhainn Dhigiteach Litearthachta Airgeadais dar teideal 'Cúrsaí Airgid' Seolta i Leabharlann Phobail na Rosann

Date: 17 Aib 2026

Acmhainn Dhigiteach Litearthachta Airgeadais dar teideal 'Cúrsaí Airgid' Seolta i Leabharlann Phobail na Rosann

'Cúrsaí Airgid' seolta i Leabharlann Phobail na Rosann. Sa phictiúr tá (chun tosaigh), Seosamh Ó Ceallaigh (Leabharlanna Dhún na nGall), Denis Mac Géidigh (Leabharlanna Dhún na nGall), an Clr Michael McClafferty (Cathaoirleach CB) agus Nóirín Ní Dhúgáin (MABS, Na Doirí Beaga). Ar chúl ó chlé, an Clr Denis McGee, John Curran, Brídín Sharkey, Madgie Gildea, Martina Ní Chanainn, an Clr John Shéamais Ó Fearraigh, Marie Coll, Karl Cronin, Kayley O'Donnell agus Karen Sheehy (Leabharlanna Dhún na nGall).
'Cúrsaí Airgid' seolta i Leabharlann Phobail na Rosann. Sa phictiúr tá (chun tosaigh), Seosamh Ó Ceallaigh (Leabharlanna Dhún na nGall), Denis Mac Géidigh (Leabharlanna Dhún na nGall), an Clr Michael McClafferty (Cathaoirleach CB) agus Nóirín Ní Dhúgáin (MABS, Na Doirí Beaga). Ar chúl ó chlé, an Clr Denis McGee, John Curran, Brídín Sharkey, Madgie Gildea, Martina Ní Chanainn, an Clr John Shéamais Ó Fearraigh, Marie Coll, Karl Cronin, Kayley O'Donnell agus Karen Sheehy (Leabharlanna Dhún na nGall).

Tá áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall gur seoladh 'Cúrsaí Airgid' - acmhainn dhigiteach nua litearthachta airgeadais, go hoifigiúil Déardaoin, 16 Aibreán ag 10am i Leabharlann Phobail na Rosann. Bhí an seoladh mar chuid den tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta rud a neartaíonn tiomantas na seirbhíse leabharlainne le faisnéis inrochtana, iontaofa a sholáthar chun tacú le daoine aonair agus le pobail ar fud Dhún na nGall.

Sheol Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach, an Clr Michael McClafferty, an ócáid go hoifigiúil. Mhol sé an tionscnamh mar acmhainn luachmhar agus thráthúil do theaghlaigh atá ag streachailt le cúrsaí airgeadais.

Forbraíodh seo i gcomhpháirtíocht le MABS (Seirbhís Chomhairle agus Buiséadaithe Airgid), agus tugann 'Cúrsaí Airgid' faisnéis airgeadais suas chun dáta, iontaofa le chéile in aon spás amháin ar líne agus tá sé furasta teacht air. Ag clúdach topaicí ar nós buiséadú, coigilt, iasachtú, bainistíocht fiachais, agus pleanáil, tá an acmhainn deartha chun cuidiú le daoine muinín a chothú i gcúrsaí airgeadais agus cinntí feasacha a dhéanamh.

Tá 'Cúrsaí Airgid' ar fáil anois i mBéarla agus i nGaeilge araon trí shuíomh gréasáin Leabharlann Dhún na nGall, agus tá nasc díreach ar fáil fosta ar gach ríomhaire poiblí do dhaoine fásta i Leabharlanna Dhún na nGall, rud a chinntíonn go bhfuil rochtain chomhionann ag gach duine air, beag beann ar a scileanna digiteacha nó ar infhaighteacht gléasanna.

Tá an acmhainn mar chuid de chlár níos leithne Scileanna don Saol atá ar bun ag Leabharlanna Dhún na nGall, a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a threalmhú le heolas praiticiúil a thacaíonn le folláine, le neamhspleáchas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil.

Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Nóirín Ní Dhúgain ó MABS Dhoirí Beaga, a raibh ról lárnach aici i bhforbairt na hacmhainne:

“Tá MABS bródúil as comhoibriú le Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar 'Cúrsaí Airgid'. Gach lá oibrímid le daoine a bhfuil faisnéis shoiléir, chruinn de dhíth orthu chun cabhrú leo a gcuid cúrsaí airgeadais a bhainistiú le tuilleadh muiníne. Tugann an acmhainn seo an fhaisnéis sin go léir le chéile in aon áit amháin, rud a fhágann go bhfuil sé inrochtana do dhaoine aonair agus do theaghlaigh ar fud Dhún na nGall. Is céim thábhachtach í chun folláine airgeadais a neartú agus chun cuimsiú a chur chun cinn inár bpobail.”

Chuir Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall buíochas in iúl as comhpháirtíocht agus as tacaíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall: 

“Táimid thar a bheith sásta leis an fhreagra maidir le 'Cúrsaí Airgid'. A bhuíochas lenár gcomhpháirtíocht le MABS, bhíomar in ann acmhainn a fhorbairt atá praiticiúil agus ábhartha araon do na fíordhúshláin atá roimh ár bpobail inniu. Táimid thar a bheith buíoch don Chomhairleoir Michael McClafferty as an tionscnamh a sheoladh go hoifigiúil le linn na Seachtaine um Chuimsiú Sóisialta, comhthéacs oiriúnach d’acmhainn atá dírithe ar chumhacht a thabhairt do gach duine leis na scileanna agus leis an fhaisnéis a theastaíonn uathu.”

Táthar ag moladh do bhaill den phobal iniúchadh a dhéanamh ar 'Cúrsaí Airgid' ar shuíomh Gréasáin Leabharlann Dhún na nGall ag https://www.donegalculture.ie/en/services/libraries/services/skills-for-life/ nó trí chuairt a thabhairt ar aon leabharlann i nDún na nGall inar féidir rochtain a fháil ar an acmhainn ar ríomhairí poiblí.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)