Skip to main content

April

Déanann Comhairle Contae Dhún na nGall Ceiliúradh ar Bhliain den Scoth don Chultúr in Athbhreithniú Bliantúil do 2025

Date: 27 Aib 2026

Cultúr

Déanann Comhairle Contae Dhún na nGall Ceiliúradh ar Bhliain den Scoth don Chultúr in Athbhreithniú Bliantúil do 2025

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Cultúir do 2025 a sheoladh, ina léirítear bliain de ghníomhaíocht bhríomhar, níos mó rannpháirtíocht phobail ná riamh agus infheistíocht leanúnach i saol saibhir cultúrtha an chontae—lena n-áirítear leabharlanna, na healaíona, oidhreacht, músaeim, cartlanna, an bhithéagsúlacht agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach.

Dúirt Eamonn Brown, Stiúrthóir Gníomhach Seirbhíse, go léiríonn an tAthbhreithniú an ról ríthábhachtach atá ag an chultúr maidir le neartú pobal ar fud Dhún na nGall—ag tabhairt daoine le chéile, ag tacú le sláinte agus ag ceiliúradh féiniúlacht áitiúil.

“Cuimsíonn an tAthbhreithniú Bliantúil seo bliain de sholáthar láidir agus de rannpháirtíocht fhiúntach ar fud ár seirbhísí cultúrtha uilig,” a deir an tUasal Brown. “Idir leabharlanna agus féilte go tionscnaimh a bhaineann le hoidhreacht, músaeim, cartlanna, na healaíona agus an bhithéagsúlacht, tá an cultúr fós ag nascadh pobal, ag tacú le sláinte agus ag ceiliúradh na féiniúlachta ar fud an chontae.”

Bhí breis is 394,000 cuairt tugtha ar leabharlanna i nDún na nGall in 2025, rud a chruthaíonn a ról mar mhoil phobail atá cairdiúil agus inrochtana ar son na foghlama, na cruthaitheachta agus an nasctha. Thug tionscnaimh shuaitheanta ar nós Éire Ildánach, Cruinniú na nÓg, Bealtaine agus Wainfest na mílte duine, idir óg agus aosta, le chéile le féilire lán imeachtaí agus eispéiris a bhí saor agus ionchuimsitheach.

Leagann an tAthbhreithniú béim fosta ar infheistíocht leanúnach in ealaíontóirí proifisiúnta, caomhnú oidhreachta, digitiú cartlann, gníomhú bithéagsúlachta agus bonneagar cultúrtha—soláthartha trí chomhoibriú láidir le grúpaí pobail, páirtithe leasmhara trasteorann agus páirtithe náisiúnta.

“Thar aon ní eile, an rud a sheasann amach ná díograis agus proifisiúntacht fhoireann agus pháirtithe an Rannáin Cultúir,” a deir an tUasal Brown. “Déanann a gcuid oibre cinnte go bhfanfaidh an cultúr i nDún na nGall oscailte do chách—inrochtana, ionchuimsitheach agus ina chuid de ghnáthshaol an phobail.”

Tá Athbhreithniú Bliantúil 2025 an Rannáin Cultúir ar fáil ar líne ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ag donegalculture.ie.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 27 Aib 2026

Déanann Comhairle Contae Dhún na nGall Ceiliúradh ar Bhliain den Scoth don Chultúr in Athbhreithniú Bliantúil do 2025

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Cultúir do 2025 a sheoladh, ina léirítear bliain de ghníomhaíocht bhríomhar, níos mó rannpháirtíocht phobail ná riamh agus infheistíocht leanúnach i saol saibhir cultúrtha an chontae—lena n-áirítear leabharlanna, na healaíona, oidhreacht, músaeim, cartlanna, an bhithéagsúlacht agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach.

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)