Skip to main content

April

Siúlbhealach Dhroim Bó Foscailte go hOifigiúil

Date: 16 Aib 2026

Pobal

Siúlbhealach Dhroim Bó Foscailte go hOifigiúil

D'fhoscail an Comhairleoir Martin Harley, Cathaoirleach, CB Leifir/Shrath an Urláir, Siúlbhealach Dhroim Bó, Srath an Urláir, go hoifigiúil Dé Luain seo caite. Críochnaíodh an tionscadal le gairid.

Tá an siúlbhealach sin ag tabhairt ar ais an nasc traidisiúnta idir Droim Bó Íochtarach agus Droim Bó a bhí druidte le tamall.

Maoiníodh na hoibreacha ar an chosán fríd Scéim Deontais na mMionoibreacha Turasóireachta agus ó acmhainní de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall í féin.

Ba mhaith le Rannóg Forbartha Pobail na Comhairle aitheantas a thabhairt don tacaíocht agus don chomhoibriú atá déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus Coillte chun an togra a chur i gcrích. D'fhostaigh Coillte Seirbhísí Foraoise an Iarthuaiscirt, an Cnoc, Bealach Féich chun roinnt oibreacha crannliachta a dhéanamh ar a gcuid talún agus d'fhostaigh an Chomhairle seirbhísí H. Harkin Plant Hire Ltd., an Charraig, Doirí Beaga, chun na hoibreacha glanta láithreáin agus dromchla a dhéanamh ar an chosán.

Agus é ag foscailt an chosáin, thug an Clr Harley le fios go raibh áthas air go raibh an tionscadal críochnaithe agus dúirt sé go mbeadh an cosán sin ina bhuntáiste do chónaitheoirí áitiúla agus don phobal ar fad.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Siúlbhealach Dhroim Bó Foscailte go hOifigiúil

D'fhoscail an Comhairleoir Martin Harley, Cathaoirleach, CB Leifir/Shrath an Urláir, Siúlbhealach Dhroim Bó, Srath an Urláir, go hoifigiúil Dé Luain seo caite. Críochnaíodh an tionscadal le gairid.

Image text description

Date: 15 Aib 2026

Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026 Seolta

Ba san Ionad Ioslamach i Leitir Ceanainn a seoladh ‘Dún na nGall le Chéile – An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2026’ go hoifigiúil. Rinne Méara Leitir Ceanainn, an Clr. Ciaran Brogan an seoladh oifigiúil. Is togra seachtaine é seo a bhfuil sé mar sprioc aige comhrá a spreagadh, éagsúlacht a cheiliúradh, deighilt idir dhaoine a shárú, agus caidrimh níos láidre a chothú ar fud phobail an chontae.

Image text description

Date: 24 Márta 2026

Cuairt an Aire Dara Calleary ar Dhún na nGall

Thug an tAire Forbartha Tuaithe, Forbartha Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary, cuairt ar Dhún na nGall Dé Luain, an 23 Márta 2026, le dhá thionscadal a oscailt go hoifigiúil sa chontae

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)