Skip to main content

January

‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh

Date: 21 Ean 2026

‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh

Tá cuireadh á thabhairt ag Músaem Chontae Dhún na nGall i gcomhar le Seirbhís Cartlainne an Chontae don phobal chuig seoladh a dtogra is deireanaí ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’ i Músaem Chontae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 30 Eanáir 2026, ag 2pm.

Is togra idirchultúrtha é ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’ atá bunaithe ar bhéaloideas agus oidhreacht ina bhfuil sé mar aidhm aige léargas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na heispéiris éagsúla imirce atá ag pobail ar fud Chontae Dhún na nGall.


Is í an eagraíocht rannpháirtíochta sa phobal ‘Workhouse Union’ atá á stiúradh i gcomhpháirt le Músaem agus Seirbhísí Cartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall. Thar thréimhse 16 mí, beidh comhoibriú ar bun le heagraíochtaí agus grúpaí áitiúla chun rannpháirtíocht a spreagadh i measc pobail úra agus imircigh na tíre seo a tháinig na bhaile. Le chéile, baileoidh, caomhnóidh, agus roinnfidh siad scéalta faoin imirce trí mhodhanna rannpháirtíochta cruthaitheacha atá bunaithe ar na healaíona agus a dhéanann cíoradh ar scileanna traidisiúnta, ar chultúr dobhraite, agus ar cheardaíocht mar thúsphointe le haghaidh scéalta agus cultúr a mhalartú.


Beidh clár rannpháirtíochta ar siúl do scoileanna fosta. Díreoidh an chéim dheireanach ar oidhreacht a chruthú trí fhorbairt a dhéanamh ar thaispeántais agus ar an chartlann.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le: Músaem Chontae Dhún na nGall 0749124613; museum@donegalcoco.ie


Tá an togra seo arna thacú ag PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (SEUPB).


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)