Tá Dréacht-Léarscáileanna Tuilte déanta ag RPS le haghaidh roinnt ceantracha i nDún na nGall. Tá RPS i mbun Staidéar CFRAM an Iarthuaiscirt - Neagh Bann d'Oifig na nOibreacha Poiblí, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Beidh Dhá Chomhairliúchán Poiblí ar siúl Déardaoin 5 Feabhra 2015, a mbeidh na léarscáileanna ar taispeáint acu, chun deis a thabhairt d'achan duine ar suim leo an scéal seo amharc ar na léarscáileanna agus tuairimí a thabhairt.
Léarscáileanna ar taispeáint le haghaidh: |
Dáta agus am: | Ionad: |
---|---|---|
Carn Domhnach Málainn Bun an Phobail Cluain Maine |
Déardaoin 5 Feabhra 2015 3pm go dtí 7pm |
Ionad Seirbhísí Pobail Charn Domhnach Bóthar Mhálanna Carn Domhnach |
Bun Cranncha, agus Luddan san áireamh Ceann an Droichid Bun na hAbhann |
Déardaoin 5 Feabhra 2015 3pm go dtí 7pm |
Óstán Gateway Inis Eoghain Bóthar an Iarnróid Bun Cranncha |
Beidh baill den fhoireann atá i mbun Staidéar CFRAM an Iarthuaiscirt - Neagh Bann ar fáil le labhairt le daoine a bheas ar fáil ar an lá, agus leis na léarscáileanna a mhíniú, agus le heolas a bhailiú i dtaca le tuilte áitiúla. Beidh na Dréacht-Léarscáileanna Tuilte ar taispeáint ar an dáta thuasluaite, agus beidh siad ar fáil fosta ar shuíomh idirlín an Staidéir www.northwestcframstudy.ie ón dáta sin. Duine ar bith ar spéis leis nó léi an scéal seo is féidir leo tuairimí a thabhairt faoi na Dréacht-Léarscáileanna Tuilte ag na cruinnithe poiblí comhairliúcháin agus/nó trí shuíomh idirlín an staidéir.