Mar gheall ar an ábhar a bhí i gclár fiosraithe RTÉ Oíche Dé Luain 7 Nollaig, 2015, ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a dheimhniú go bhfuil na ceisteanna a ardaíodh sa chlár á scrúdú agus á bhfiosrú ar bhonn práinneach. Is é an Cláraitheoir Eitice sa Chomhairle atá i mbun an fhiosrúcháin seo ar an chéad dul síos.
Déanfar an fiosrú seo de réir na bhforálacha atá in Alt 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001 – Creat Eiticiúil don tSeirbhís Rialtais Áitiúil, agus Cód Iompair do Chomhairleoirí, agus aon rud a éiríonn as an fhiosrú seo pléifear leis de réir na bhforálacha atá leagtha síos.
Agus muid ag fanacht ar thorthaí an fhiosrúcháin seo, ní bheidh an Chomhairle ag eisiúint aon ráiteas eile ag an am seo.