Tá an t-am sin den bhliain ann arís le do chulaith chodlata is fearr a chur ort agus bualadh isteach i do leabharlann áitiúil! Tá lúcháir ar Sheirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall sonraí a fhógairt anois fá choinne ár gcuid cóisirí culaith chodlata. Is é seo an tríú bliain de na cóisirí bliantúla seo anois ina n-insítear scéalta na Nollag, ina gcastar amhráin na Nollag agus ina dtugtar roinnt soláistí amach le tabhairt abhaile.
Is deis é chomh maith scíste a dhéanamh i measc ruaille buaille na Nollag, agus draíocht na Nollag a shú isteach trí bheith ag éisteacht le scéalta. Agus ná déan dearmad leabhar a thabhairt mar bhronntanas Nollag do na daoine beaga i do shaol. Is gá áit a chur in áirithe agus fá choinne tuilleadh eolais téigh chuig www.donegallibrary.ie nó déan teagmháil le do leabharlann áitiúil.
Leabharlann Pobail Bhealach Féich - Dé Máirt 16 Nollaig @6.00pm
Leabharlann Pobail Bhun Cranncha - Dé Céadaoin 17 Nollaig @6.30pm
Leabharlann Pobail Bhun Dobhráin - Dé Céadaoin 17 Nollaig - @6.30pm
Leabharlann Pobail Charn Domhnach - Déardaoin 18 Nollaig - @6.30pm
An Lárleabharlann, Leitir Ceanainn - Déardaoin 18 Nollaig - @6.30pm