Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ellevyn fríd chuig an Bhabhta Ceannais Náisiúnta

Ellevyn fríd chuig an Bhabhta Ceannais Náisiúnta

 

Ellevyn fríd chuig an Bhabhta Ceannais Náisiúnta de 'An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn'

Ellevyn Irwin IBYE

Ellevyn Irwin, Click Clinic ó Bhun Cranncha, Co. Dhún na nGall, buaiteoir réigiúnach Dhún na nGall don Smaointiú Úr is Fearr Gnó agus a bheas páirteach sa chomórtas náisiúnta i mí na Nollag le teideal 'An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn' a bhaint ar RTÉ i mí na Nollag.

 

 

Tá fiontraí óg as Dún na nGall i ndiaidh áit a bhaint sa chéad bhabhta ceannais náisiúnta riamh den chomórtas 'An Fiontraí Óg is Fearr', agus seans aici duaischiste de €100,000 a chomhroinnt.

 

 

 

Tá Ellevyn Irvwin ó Click Clinic, atá bunaithe i mBun Cranncha, ag déanamh ionadaíochta ar an réigiún sa chatagóir 'An Smaointiú Úr is Fearr' ag an bhabhta ceannais náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag seo ag teacht agus tá €10,000 d'infheistíocht bainte aici cheana féin ón Oifig Áitiúil Fiontair.

 

 

 

Tá an comórtas An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn ina chuid lárnach den Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2014, agus tá an comórtas ag fáil tacaíochta ón Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta tríd an 31 Oifig Fiontair Áitiúil ar fud na tíre.

 

 

 

Inné, chuaigh triúr úinéirí gnólachta agus tosaitheoirí úra ó Dhún na nGall, gach duine acu faoi 30 bliain d'aois, san iomaíocht i gcoinne buaiteoirí contae eile ó Shligeach, Longfort agus Liatroim.

 

 

 

Chuir painéal de thriúr moltóirí agallamh ar na hiarrthóirí agus bhí orthu cás gnó a dhéanamh, ar an láthair. Fógraíodh liosta na ndaoine a roghnaíodh don bhabhta ceannais náisiúnta ag ócáid aréir in Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall, agus rinneadh an cinneadh bunaithe ar chritéir ar nós nuálaíocht ghnó, na féidearthachtaí atá ann poist a chruthú agus an phleanáil airgeadais.

 

Seo mar a labhair tAire Post, Fiontair agus Nuálaíochta, Richard Bruton T.D. agus é ag déanamh comhghairdis leis na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais: "Ag croílár na bpleananna atá againn le haghaidh post agus fáis, ba mhaith linn tacú le níos mó gnólachtaí agus iad ag toiseacht amach. Tá sé mar chuid den phlean seo fosta cultúr níos láidre fiontraíochta a chothú, agus gnólachtaí úra a chothú i measc na n-óg mar rogha gairme. Is é sin an bunús atá leis an chomórtas úr seo leis an fhiontraí óg is fearr sa réigiún a aimsiú, agus sa deireadh an Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn."

‌‌

Tá dian-iomaíocht i ndán don bhuaiteoir áitiúil anois ón 23 iomaitheoir eile sa bhabhta ceannais, ag teacht ó 8 gcinn de bhabhtaí ceannais réigiúnacha. Tá an duaischiste de €100,000 i mí na Nollag lena roinnt i gceithre dhuais:

An Smaointiú úr is fearr (infheistíocht €20,000)

An Tosaitheoir is Fearr (infheistíocht €30,000)

An Ghnólacht sheasta is Fearr, le Breiseán úr (infheistíocht €30,000)

Buaiteoir Iomlán ar 'An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn' (infheistíocht bhreise de €20,000)

 

Pointe tábhachtach é gur bhain os cionn 400 úinéir gnó agus tosaitheoirí gnó tairbhe as na grodchampaí gnó agus cláracha meantóireachta a reáchtáil na hOifigí Fiontair Áitiúla ag an leibhéal áitiúil, mar chuid den chomórtas.

 

Seo mar a labhair Michael Tunney, Ceannasaí Fiontraíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall: "Tá an-bhród orainn, agus tá sé ina onóir mhór dúinn, ionadaí a bheith againn sa bhabhta ceannais náisiúnta i mí na Nollag, mar gur chuir os cionn 1,000 gnólacht, ó gach contae in Éirinn, isteach ar an chomórtas, agus bhí dian-iomaíocht ann do gach áit. Tá deis ag an bhuaiteoir áitiúil s'againne anois a bheith ceaptha mar 'An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn' agus infheistíocht bhreise de suas le €50,000 a bhaint dá ngnólacht féin. Ba mhaith linn fosta comhghairdeas a dhéanamh le gach iarrthóir eile a rinne ionadaíocht ar ár son ag na babhtaí ceannais contae agus réigiúnacha, agus a bhí cóngarach go maith don bhua a bheith acu, agus tá muid ag súil le bheith ag tacú lena gcuid gnólachtaí san am atá romhainn.'

 

Seo a leanas na hionadaithe as Dún na nGall a bheith i láthair ag na babhtaí ceannais inné:

Pete Friel, Chartered Education, Ráth Maoláin a bhuaigh na catagóirí Tosaitheoir Úr is Fearr i nDún na nGall agus An Fiontraí Óg is Fearr i nDún na nGallEllevyn Irwin, Click Clinic, Bun Cranncha a bhuaigh an chatagóir An Smaoineamh Nua is Fearr i nDún na nGallChristy Lynch ó Efficient Renewables Ltd. Magh a bhain an chatagóir An Ghnólacht Bhunaithe is Fearr i nDún na nGall le Breiseán Úr.

 

Leis an nuacht is déanaí agus na scéalta a fháil faoin chomórtas An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn, tabhair cuairt ar www.ibye.ie,  www.localenterprise.ie nó déan #ibye a chuardach ar na meáin shóisialta.

 

CRÍOCH

 

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

CAD É AN RUD É AN COMÓRTAS FÓFÉ?

Tá An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn á reáchtáil ag na hOifigí Fiontair Áitiúil, agus tá na buaiteoirí ag leibhéal an chontae i dteideal infheistíocht suas go dtí €20,000 ina ngnólachtaí, agus is féidir leis na buaiteoirí ag an leibhéal náisiúnta infheistíocht bhreise suas le €50,000 a fháil. Socrófar infheistíochtaí sna gnólachtaí buacacha de réir ionchais ghnó agus riachtanais infheistíochta.

 

Beidh meantóireacht, margaíocht agus tacaíochtaí eile ar fáil chomh maith do ghnólachtaí a ghlacann páirt i staideanna éagsúla den chomórtas. Tá an comórtas oscailte do dhaoine aonaracha atá 30 bliain d'aois agus níos óige, agus déanfar an mholtóireacht de réir trí rannóg ar leith:

Smaointiú úr is fearr (an smaointiú is fearr le haghaidh gnólacht nua)

Tosaitheoir gnó is fearr (i mbun gnó le 18 mí nó níos lú)

An ghnólacht sheasta is fearr le breiseán úr (i mbun gnó le breis agus 18 mí agus ag cur gné úr éigin lena ngnólacht)

 

Ar dtús bhí na babhtaí contae den chomórtas ann (arna reáchtáil ag 31 OFÁ), mar ar roghnaíodh an Fiontraí Óg is Fearr in achan chontae. Bhí grodchampaí gnó agus cláracha meantóireachta mar chuid de na babhtaí seo chomh maith. Ina dhaidh seo, bhí 8 mbabhta ceannais réigiúnacha ann, agus babhta ceannais náisiúnta amháin ann, agus bronnfar an teideal An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn ar dhuine gnó amháin i mí na Nollag 2014.

 

Babhtaí Ceannais Réigiúnacha (ar siúl i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2014)

 

Buaiteoirí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i(n): Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach agus Cill Chainnigh

Buaiteoirí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i(n): Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire - Ráth an Dúin, Baile Átha Cliath Theas

Buaiteoirí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i(n): Cill Dara, Laois, Uíbh Fháilí agus an Iarmhí

Buaiteoirí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i(n): Lú, An Mhí, Cabhán agus Muineachán

Buaiteoirí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i(n): Dún na nGall, Sligeach, Liatroim agus Longfort

Buaiteoirí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i(n): Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin

Buaiteoirí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i(n): An Clár, Luimneach, Ciarraí agus Tiobraid Árann

Buaiteoirí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i(n): Cathair Chorcaí, Corcaigh Theas, Corcaigh Thuaidh agus Thiar, agus Port Láirge

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO