Osclófar leabhair chomhbhróin inniu Dé Máirt 13 Deireadh Fómhair i dTeach an Chontae, Leifear agus in achan cheann de na hIonaid Seirbhísí Poiblí ar fud Dhún na nGall d'íospartaigh na tine i gCarraig Mhaighin.
Tá an leabhar comhbhróin i dTogra Lucht Siúil Dhún na nGall i Leitir Ceanainn sínithe ag An Clr. Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus osclófar leabhair inniu in achan cheann d'Oifigí na Comhairle ar fud an chontae.
Seo mar a labhair an Clr. Ó Brógáin: "Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a ghabháil le clann agus cairde an deichniúir a fuair bás sa tine i gCarraig Mhaighin maidin Dé Sathairn. Tá an scéal tubaisteach seo i ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar achan duine ar fud na tíre agus tá an tragóid uafásach seo i ndiaidh croitheadh a bhaint asainn ar fad agus an tír a fhágáil faoi bhrón'.
Beidh leabhair ar fáil do bhaill an phobail lena gcomhbhrón a dhéanamh go dtí deireadh na seachtaine. Beidh na hoifigí ar oscailt ó 9am go dtí 5pm Dé Máirt go dtí an Déardaoin agus 9am go dtí 4.30pm Dé hAoine, druidte fá choinne lóin ó 12.30pm go dtí 1pm gach lá.