Beidh seimineár seandálaíochta saor in aisce ar oidhreacht seandálaíochta Chontae Dhún na nGall á reáchtáil ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus Iarsmalann Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Fóram Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus An Chomhairle Oidhreachta, san Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Bóthar an Phoirt, Leitir Ceanainn, Dé Sathairn 14 Meitheamh ó 9.00am go dtí 2.00pm.
"Tugann oidhreacht seandálaíochta Chontae Dhún na nGall léargas dúinn ar an saol fadó agus ar nósanna maireachtála" a mhínigh Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Dhún na nGall. "Tá ár n-oidhreacht seandálaíochta ina cuid shuntasach den tírdhreach cultúrtha atá againn chomh maith agus cuidíonn sí le scéal an chontae s'againne a inse. Tá gnéithe dár n-oidhreacht seandálaíochta caillte againn le blianta beaga anuas, bíodh sin trí easpa tuisceana, neamart, scrios, forbairt mhíthuisceanach, athrú tírdhreacha, an aimsir nó creimeadh. Agus muid ag iarraidh ár n-oidhreacht seandálaíochta a chaomhnú caithfidh muid a bheith aireach ar na dualgais atá orainn faoi na hAchtanna um Séadchomharthaí Náisiúnta agus na prionsabail dea-chleachtais chaomhnaithe a leanúint. Faoin talamh, os cionn talún agus faoi uisce, spreagann ár n-oidhreacht seandálaíochta muid, tá cúram de dhíth uirthi, tá sí i dteideal a bheith cosanta, tá saibhreas cultúrtha bainte léi, agus cuireann sí eolas agus fianaise ar fáil dúinn."
Is faoi úinéireacht phríobháideach atá an chuid is mó den 3,400 séadchomhartha seandálaíochta a bhfuil eolas orthu i gContae Dhún na nGall ar an Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna atá á gcosaint faoi na hAchtanna Séadchomharthaí Náisiúnta (1930-2004). Is iad aidhmeanna an tseimineáir seo: (i) feasacht a ardú i dtaca le hoidhreacht seandálaíochta Chontae Dhún na nGall, (ii) an chosaint reachtúil a thugtar do shéadchomharthaí oidhreachta agus gnéithe eile den oidhreacht a chur in iúl, (iii) comhairle a chur ar fáil d'úinéirí talún agus do phobail, agus a róil a shoiléiriú dóibh, i dtaca le cúram a thabhairt dár n-oidhreacht seandálaíochta agus í a chaomhnú agus (iv) an dea-chleachtas is fearr maidir le suíomhanna agus ábhair a bhaineann lenár n-oidhreacht seandálaíochta a bhainistiú. Tá an ócáid seo dírithe ar úinéirí talún, grúpaí oidhreachta, cumainn staire, coistí pobail, coistí bailte slachtmhara, feirmeoirí, seandálaithe, pleanálaithe, innealtóirí, ailtirí, baill foirne an údaráis áitiúil agus aon duine a bhfuil suim aige nó aici inár n-oidhreacht seandálaíochta.
I measc na n-aoichainteoirí ag an seimineár saor in aisce beidh:
Idir na príomhchainteanna beidh cuntais ghairide ar thograí oidhreachta seandálaíochta ag coistí pobail áitiúla, ó Paula Harvey ar an Dún ag Drumboghill, Bríd Ward ar an Mhainistir Phroinsiasach i mBaile na Sagart agus Marius Ó hEarcáin agus Patricia Stratford ar Chaisleán Carrickabraghy in Inis Eoghain. Cuirfear críoch leis an tseiminéar saor in aisce le seisiún oscailte ceisteanna agus freagraí leis na haoichainteoirí. Tá an seimineár ina ghníomh de chuid Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus tá sé á mhaoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus An Chomhairle Oidhreachta.
Tá an seimineár saor in aisce agus oscailte do gach duine ach tá áiteanna teoranta agus moltar duit d'áit a chur in áirithe. Dá mba mhaith leat áit a chur in áirithe don seimineár 'Caillte agus Faighte', déan teagmháil le hIarsmalann Chontae Dhún na nGall (074) 9124613 nó trí ríomhphost ar: [email protected]
(Daoine a bheas i láthair ag ócáid ag 'Doon Fort', Loch an Dúin i mí Lúnasa, 2013 mar chuid de 'Sheachtain na hOidhreachta'. An Seandálaí Paula Harvey, a bheas ag caint ar thábhacht an Dúin ag an seimineár saor in aisce ar oidhreacht seandálaíochta san Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn, Dé Sathairn, 14 Meitheamh)
(An Mhainistir Phroinsiasach ón chúigiú haois déag ag Baile na Sagart, a bhfuil obair chóirithe ar siúl ann trí thogra pobail le tacaíocht ón Chomhairle Oidhreachta. Is Séadchomhartha Taifeadta í An Mhainistir Phroinsiasach, faoi na hAchtanna um Séadchomharthaí Náisiúnta)
(Is iarsmalann ainmnithe í Iarsmalann Chontae Dhún na nGall, rud a chiallaíonn go bhfuil sí i dteideal, de réir an dlí, iarsmaí a choinneáil thar ceann an Stáit faoin Acht um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta (1997) agus faoin Acht um Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1994)
Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Seosamh Ó Gallchóir
Oifigeach Oidhreachta,
Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall,
Comhairle Contae Dhún na nGall,
Oileán an Stáisiúin,
Leifear.
Guthán: (074) 917 2576
Ríomhphost: [email protected]