Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tathant ar gach úinéir madaí a gcuid madaí a choinneáil faoi smacht agus a fhios a bheith acu cá bhfuil a gcuid madaí an t-am ar fad.
Táthar á iarraidh seo i ndiaidh gur tharla roinnt eachtraí agus go bhfuarthas tuairiscí gur maraíodh caoirigh. Am iontach tábhachtach den bhliain é seo d'fheirmeoirí caorach ar fud an chontae mar go bhfuil cuid mhór caorach ag iompar uan agus tá siad gan aon chosaint acu ó ionsaithe madaí.
Má tá imní ar bith ort fá dtaobh de mhadaí nach bhfuil á gcoinneáil faoi smacht gabh i dteagmháil leis An tSeirbhís Maor Madaí ar 074 91 25159 ó 10am go dtí 2pm Luan go Satharn.