Bhí sraith de chruinnithe le roinnt míonna anuas idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Shólann Phobail Bhun Cranncha (CSPBC).
Tá dul chun cinn déanta sna réimsí seo a leanas:
- Soiléirithe ar an phlean gnó atá beartaigh, curtha isteach ag an CSPBC
- Roghanna maidir leis an mhúnla bainistíochta don tSólann
- Na roghanna is cost-éifeachtúla don áis úr
- Riachtanais i dtaca le maoiniú meáitseála don tionscadal
Tá deontas ar fáil ón rialtas láir chun an tionscadal atá beartaithe a pháirtmhaoiniú, agus tá comh-mhaoiniú le bheith curtha ar fáil go háitiúil. Níl aon mhaoiniú curtha ar fáil i mbuiséad na Comhairle don bhliain 2019, ar an tuiscint má théitear ar aghaidh leis an tionscadal in 2019 go n-íocfar as na chéad chostais ón mhaoiniú atá ar fáil i bhfoirm deontais.
Leanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall de bheith ag bualadh go rialta le Coiste Shólann Phobail Bhun Cranncha sna míonna amach romhainn, d’fhonn an tionscadal seo a chur chun cinn.