Agus spriocdháta an 31 Lúnasa 2014 ag druidim linn, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tathaint ar úinéirí maoine nach bhfuil á dtáille ÁCPN íoctha acu go fóill sin a chlárú agus an táille a íoc chomh luath agus is féidir.
Bhí an táille ÁCPN le híoc do na trí bliana idir 2009-2013 ar mhaoin chónaitheach nach raibh ina Áit Chónaithe Phríomha Phríobháideach i gContae Dhún na nGall. Is é €4,220 costas iomlán na príomhtháille agus na dtáillí pionóis as ucht íocaíochtaí a bheith mall, do na blianta 2009 go dtí 2013.
Ón 2 Márta 2014, níor cuireadh aon phionós íocaíochta, de bharr a bheith mall, leis an mhéid sin de €4,220 atá gan íoc go fóill, ach mar sin féin, ón 1 Meán Fómhair 2014 méadófar an méid sin de €4,220 go dtí €7,230, agus fágfar ag an mhéid sin é”.
Tá an Chomhairle ag tathaint ar gach úinéir maoine nár chláraigh, agus nár íoc, an táille ÁCPN go fóill é sin a dhéanamh roimh an 31 Lúnasa 2014.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall go gníomhach i mbun úinéirí maoine, a bhféadfadh bille ÁCPN a bheith le híoc acu, a aithint trí shonraí a úsáid atá curtha ar fáil dúinn ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh muid ag leanúint agus ag fiosrú na dtáillí seo atá gan íoc go fóill.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Aonad ÁCPN ar www.nppr.ie nó trí scairt a chur ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ar (074) 9153900.
CRÍOCH