Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Suíomh Idirlín na gCealla Beaga

Suíomh Idirlín Turasóireachta na gCealla Beaga

Suíomh Idirlín Turasóireachta le seoladh inniu le haghaidh na gCealla Beaga

 

 Killybegs Website

Leathanach baile den suíomh idirlín úr www.killybegs.ie atá á sheoladh inniu

 

Déanfaidh An Cathaoirleach, An Clr Seán Mac Cathmhaoil agus Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall seoladh an tsuímh idirlín úir www.killybegs.ie, leathanach Facebook agus fillteán léirithe a óstáil in Óstán Radharc an Chuain, na Cealla Beaga, inniu An Aoine 6 Feabhra. Tiocfaidh ionadaithe ó Ionad Eolais na gCealla Beaga, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Turasóireacht Dhún na nGall Teo., i gcomhar le Comhairleoirí Contae agus an pobal áitiúil, le chéile leis an togra úr seo a sheoladh, togra ar cuspóir leis na Cealla Beaga agus an ceantar máguaird ar feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin a chur chun cinn.

 

Tá an Cathaoirleach, An Clr. Seán Mac Cathmhaoil ag súil go mór leis an seoladh agus seo mar a labhair sé "Is fianaise é seoladh an tsuímh idirlín seo, agus fillteán léirithe, ar chomh tiomanta agus atá Comhairle Contae Dhún na nGall chun an turasóireacht agus éagsúlú na turasóireachta sna Cealla Beaga a chur chun cinn. Déanfar níos mó oibre chun tógáil ar an dúshraith iontach seo leis an turasóireacht a fhorbairt sna míonna amach romhainn. Tá mé ag súil lena fheiceáil cad é atá i ndán don phobal san am amach romhainn de bharr táirge turasóireachta athnuaite a bheas ag fás i gcomhar le Slí an Atlantaigh Fhiáin.

 

Suíomh Idirlín úr agus Leathanach Facebook le haghaidh na gCealla Beaga

Tá an teicneolaíocht is déanaí ar líne ag síorathrú agus cuireann sí uirlisí cumhachtacha ar fáil leis an turasóireacht a chur chun cinn.  Tá an fhoireann atá lonnaithe in Ionad Eolais na gCealla Beaga i ndiaidh dul i dtreo todhchaí dearfach digiteach go fonnmhar agus an suíomh idirlín úr seo www.killybegs.ie á sheoladh acu, chomh maith le blag, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall. Bíonn suíomh idirlín maith ina lár-ionad fá choinne feachtais rathúla mhargaíochta ar líne. Tá se fíorthábhachtach dearadh úrnua a bheith ann, chomh maith leis na feidhmeanna is déanaí cuardaigh agus sóisialta, chun go dtig le duine a úsáideann an suíomh torthaí a fháil go héifeachtach agus gan mórán stró. An suíomh idirlín úr seo le haghaidh na turasóireachta sna Cealla Beaga, déanann sé sin uilig. Tá nasc díreach chuig an leathanach Facebook Turasóireacht na gCealla Beaga ón suíomh idirlín, áit a bhfaighfear an t-eolas is déanaí ar chrúsanna agus ar ghníomhaíochtaí turasóireachta sna Cealla Beaga agus sa cheantar máguaird.

 

Fillteáin Léirithe na gCealla Beaga le haghaidh Litríocht Ghairmiúil

Cruthaíodh an fillteán léirithe is déanaí do na Cealla Beaga, atá le seoladh amárach, chun tacú le brandáil an tsuímh idirlín, agus is iad Browne Printers www.browneprinters.com a dhear agus a d'fhoilsigh é. Is é a bheas san fhillteán léirithe bileoga, léarscáileanna agus litríocht eile ag cur na turasóireachta chun cinn sa cheantar do chuairteoirí crúis agus do thurasóirí lae. Istigh san fhillteán tá eolas ar áiteanna suimiúla áitiúla agus ar ghníomhaíochtaí áitiúla, léarscáil de Dhún na nGall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus eolas teagmhála d'Ionad Eolas na gCealla Beaga i gcás mbeadh cuidiú de dhíth ar chuairteoirí.

 

Seo mar a labhair Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall "Cuideoidh an suíomh idirlín úr agus an leathanach Facebook leis na Cealla Beaga agus an ceantar máguaird a chur i mbéal an phobail ó thaobh Shlí an Atlantaigh Fhiáin de, agus ligfidh na fillteáin léirithe do na hoibrithe in Ionad Eolais na gCealla Beaga neart eolais áitiúil a chur ar fáil do chuairteoirí ar dhóigh ghairmiúil agus eolasach. Is céim chun tosaigh thábhachtach í seo i bhforbairt leanúnach na turasóireachta sna Cealla Beaga".

 

CRÍOCH

 

Seo é seoladh an tsuímh idirlín nua do na Cealla Beaga www.killybegs.ie

 

Seo é an leathanach Facebook úr do na Cealla Beaga www.facebook.com/killybegs.tourism

 

Is é Turasóireacht Dhún na nGall Teoranta a d'fhorbair an suíomh idirlín agus an leathanach Facebook, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall. Ba chóir aon cheist a chur chuig Comhairle Contae Dhún na nGall, Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall, Contae Dhún na nGall, f/c Joy Harron, Turasóireacht Dhún na nGall Teo., Rphost: [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO