De bharr na ráchairte atá air, tá síneadh ama á chur le mórthaispeántas Iarsmalann Contae Dhún na nGall dar teideal ‘Ag cuimhneamh ar an Chéad Chogadh Domhanda – Scéal Dhún na nGall’, go dtí deireadh mhí Aibreáin 2015. Insíonn an taispeántas bunurláir seo scéal na Chéad Chogadh Domhanda trí shúile na bhfear agus na mban as Dún na nGall a tháinig fríd. Bhí fir agus mná as Dún na nGall páirteach chan amháin in Arm na Breataine agus le tíortha eile ar fud an domhain mhóir, ina measc An Astráil, Nua-Shéalainn, An Afraic Theas, Ceanada agus Meiriceá.
Fá choinne tuilleadh eolais agus le háirithint a dhéanamh, déan teagmháil le hIarsmalann Chontae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall.
Guthán 074 9124613 E [email protected]