Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Athnuachan Oidhreachtúil i Ráth Maoláin

Ráth Maoláin – Tionscadal Athnuachana á threorú ag an Oidhreacht

 

Ráth Maoláin – Tionscadal Athnuachana á threorú ag an Oidhreacht


Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt leis an choiste pobail áitiúil deonach ‘An Bealach chun cinn do Ráth Maoláin’ a fhógairt go bhfuil tairiscintí á lorg le haghaidh Fhoireann Dheartha Lán-Chomhtháite faoi threoir Ailtire agus Seirbhísí Maoirseachta chun tionscadal athnuachana oidhreachtúil a chur i gcrích laistigh de chroílár stairiúil Ráth Maoláin.

 

Ceannófar na seirbhísí leis an tionscadal a fhorbairt óna staid reatha féidearthachta, ar aghaidh trí na ceadanna riachtanacha reachtúla uilig, agus doiciméadú, lena chinntiú go dtabharfar an tionscadal chun cinn go dtí staid na sluasaide mar thionscadal oibreacha caipitil. In am is i dtráth (ag brath ar Airgead Caipitil a fháil) beidh ar na comhairleoirí roghnaithe an tionscadal a thabhairt chun cinn trí dhearadh mionsonraithe agus trí mhaoirsiú tógála go dtí an deimhniúchán deireanach agus aistriú freagrachta.

 

Tá céim 1 d’fhorbairt an tionscadail athnuachana shuntasaigh seo á mhaoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le maoiniú soilíosach ó Iontaobhas Tomar, agus é á chumasú ag an ghrúpa ‘An Bealach chun cinn’. Is toradh é an tionscadal seo ar chomhpháirtíocht idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus an pobal áitiúil tríd an ghrúpa ‘An Bealach chun cinn’, agus tógann sé ar obair féidearthachta a rinne an Grúpa ar an tionscadal roimhe seo.

 

Dúirt an Clr. Dónal Coyle, Méara ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn: “Fáiltím roimh an chomhoibriú idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus an grúpa An Bealach Chun Cinn, agus tá mé ag súil le bheith ag obair leis an Chomhairle, leis an phobal agus leis an Fhoireann Deartha, chun an tionscadal spreagúil athnuachana seo a fhorbairt do Ráth Maoláin.’

 

Is é is cuspóir leis an Tionscadal cumas fisiciúil, cultúrtha, sóisialta, turasóireachta agus eacnamaíochta an bhaile a neartú agus a fheabhsú, agus borradh a chur faoi thuilleadh gníomhaíochtaí agus imeachtaí sa bhaile. Beidh béim láidir ag an tionscadal ar na prionsabail a bhaineann le hathchóiriú oidhreachtúil, athnuachan lár baile agus athnuachan tuaithe, chun acmhainní agus sócmhainní tábhachtacha nach bhfuil leas iomlán á mbaint astu a athrú ó bhonn i gcroílár stairiúil Ráth Maoláin. Go háirithe, díreoidh an tionscadal ar dhá phríomh-shócmhainn thógtha oidhreachtúil i Ráth Maoláin: An Bataire Gunnaí ó ré Napoléon agus Mainistir Ráth Maoláin, dhá dhéanmhas atá faoi chosaint. An Bataire Gunnaí agus na tailte gaolmhara atá á athnuachan agus á athrú ó thaobh úsáide de chun feidhmiú mar chearnóg úr sráidbhaile faoin ainm ‘Ionad an Bhataire’ agus mar Iarsmalann de Chultúr agus d’Oidhreacht Atlantach, forbrófar iad mar ghné lárnach den tionscadal. Mar chuid den tionscadal chomh maith, scrúdófar féidearthachtaí i dtaca leis an Mhainistir, ar dhóigh chúramach thuisceanach, chun brúnna ó spéis an phobail a bhainistiú ach chun tuilleadh athchóirithe agus buanú an struchtúir a chur chun cinn mar phríomhchuspóir.

 


Tá sé i gceist na sócmhainní seo a cheiliúradh mar dhá ghné oidhreachtúla ag an dá thaobh de limistéar poiblí oidhreachtúil ina ndéanfar feidhm shóisialta, feidhm eacnamaíochta, agus bród ceantair a athbhunú arís ina lán nirt. Forbrófar Mol Pobail mar chuid den tionscadal fosta, a bheas ina spás solúbtha ar leith ina mbeidh áiseanna digiteacha don phobal, do ghnólachtaí agus don chianobair.

 


Agus iad ag fáiltiú roimh an dul chun cinn ar an tionscadal go dtí an pointe tábhachtach seo, dúirt ionadaí de chuid ‘An Bealach Chun Cinn do Ráth Maoláin’: “D’fhéadfadh an tionscadal athnuachana oidhreachtúil seo Ráth Maoláin a chur chun tosaigh mar cheann scríbe ann féin mar gheall ar an chaiteachas gaolmhar a mheallfaidh sé chuig an bhaile. Dhéanfaidh sé áit níos tarraingtí den bhaile le haghaidh bhunadh na háite agus cuairteoirí araon, tacóidh sé le gnólachtaí atá ann cheana agus gnólachtaí úra, agus cuirfidh sé borradh faoi athnuachan an bhaile’.

 

 

Agus é ag caint faoin tionscadal, dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall: ‘Tá an tionscadal mar chuid de chlár oibre níos leithne chun bailte tuaithe an Chontae a athnuachan, faoi stiúir ag Foireann Athnuachana agus Forbartha na Comhairle. Tá an Chomhairle tiomanta chun bheith ag obair le pobail áitiúla le tionscadail athnuachana den chineál seo, a dhéanfaidh athrú ó bhonn, a fhorbairt agus le hinfheistíochtaí a spreagadh in athnuachan na lár bailte s’againn, rud a dhéanann difear mór i dtaca le tarraingteacht agus inchónaitheacht na mbailte sa chontae’.

 

Dúirt Johnny Nelis, Ailtire Feidhmiúcháin leis an Fhoireann Athnuachana agus Forbraíochta i gComhairle Contae Dhún na nGall: ‘tá muid sa tóir ar Fhoireann Deartha faoi stiúir Ailtire, a bhfuil taithí acu, agus a bhfuil saineolas ar leith acu maidir le caomhnú ailtireachta agus comhfhorbairt áite faoi threoir oidhreachtúil, chun an tionscadal seo a fhorbairt go dtí na caighdeáin is airde dearadh de réir mhianta an phobail agus de réir cuspóirí athnuachana s’againn’.

 

Tá doiciméid tairisceana ar fáil ar https://www.etenders.gov.ie/ agus is é an 17 Bealtaine 2021 an dáta deiridh le go bhfaighfí tairiscintí.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO