Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Babhta Rothaíochta agus Dreas Comhrá ar an Inis

22-09-21 – Babhta ar an Rothar agus Dreas Comhrá ar Oileán na hInse le TrailGazers le linn Sheachtain na Rothar

 ‌

Dé Sathairn seo caite, 18 Meán Fómhair 2021, reáchtáil Tionscadal TrailGazers turas beag spraíúil rothaíochta 8km thart ar Anaclann Éanlaithe Fiáine Leibhéil na hInse mar chuid de Sheachtain na Rothar 2021.  

 

Bhí aoibh an gháire ar gach aghaidh san aimsir ghalánta ghrianmhar, agus i ndiaidh na rothaíochta, le linn lón neamhfhoirmeálta, d’éist siad leis an eachtránaí Jason Black ag caint ar a thuras i dtreo mheabhairshláinte níos fearr agus ar na buntáistí iontacha, don cholainn agus don intinn araon, as a bheith amuigh i dtuilleamaí an dúlra i nDún na nGall.   

 

Is spórt í an rothaíocht a mbaintear sult as ar fud na cruinne, agus daoine ag dul in airde ar an dá roth le taisteal thart, bíodh sin ar thuras spraíúil ar an Domhnach, le dul chun oibre nó le dul ag eachtraíocht, agus thug Jason roinnt noda sábháilteachta atá furasta a leanúint chun cuidiú linn sult agus spraoi a chur inár gcuid rothaíochta i gcomhluadar cairde agus clainne. 

 

Labhair John Meehan ag an ócáid fosta, Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta FSS/Ceannasaí ar an Oifig Náisiúnta chun Féinmharú a Chosc, agus thug sé eolas faoi na sonraí taighde ábhartha is déanaí maidir lena thábhachtaí agus atá sé am a chur i leataobh fá choinne aclaíochta agus faoin difríocht a dhéanann sé don cholainn agus don intinn. Labhair Bill Vaughan, Meabhairshláinte Éireann, faoina thaithí saoil féin ag plé le Meabhairshláinte agus thug sé eolas faoi chuid de na hacmhainní atá ar fáil i measc an ghnáthphobail i nDún na nGall.

 

Bhí an Clr. Nicholas Crossan, Comhairle Contae Dhún na nGall, i láthair chomh maith agus dúirt sé go bhfuil imeachtaí mar seo an-ábhartha agus go bhfuil ról tábhachtach ag an údarás áitiúil i gcur chun cinn na haclaíochta fisiciúla agus i spreagadh an phobail le húsáid a bhaint as an chuid mhór conairí atá ar fud an chontae, cosúil leis an chonair seo in Anaclann Éanlaithe Fiáine Leibhéil na hInse.  

 

Thug Mary Daly, an tOifigeach Taighde agus Cumarsáide le TrailGazers, Comhairle Contae Dhún na nGall, léargas ar Thionscadal TrailGazers agus a bhfuil ar siúl acu in Inis. Is é an réasúnaíocht a bhí leis an ócáid seo a reáchtáil ná go bhfuil na buntáistí sláinte a bhaineann le siúlóireacht agus rothaíocht ina phríomhtheachtaireacht bholscaireachta ag TrailGazers. Tá an aclaíocht fhisiciúil tábhachtach do dhaoine de gach aois agus de gach cumas. Cuidíonn saol gníomhach le neart galar a chosc, agus lena chois sin, cuireann an aclaíocht fhisiciúil le leibhéil fuinnimh an duine, laghdaíonn sí leibhéil struis agus cuidíonn sí le meáchan sláintiúil colainne a choinneáil. Is mór is féidir le caitheamh aimsire a dhéantar amuigh sa dúlra, amhail an tsiúlóireacht agus an rothaíocht, feabhas a chur ar an mheabhairshláinte.

 

Mar fhocal scoir, thug Mary Daly aitheantas don tacaíocht a fuarthas ó Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall agus ó Sheachtain na Rothar as an ócáid a reáchtáil, agus bhí súil acu go mbeadh siad in ann imeachtaí eolasacha eile a reáchtáil san am atá romhainn.  

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Trail Gazers, féach www.trailgazers.eu. Tá comh-mhaoiniú á fháil ag Tionscadal Trail Gazers ó Chlár Limistéar an Atlantaigh de chuid Interreg trí Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO