Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > BDP ceaptha ar Scéim Réimse Poiblí Ráth Mealtain

26-06-21 BDP ceaptha le Scéim Réimse Poiblí Ráth Mealtain a chur i gcrích

Ramelton

 

 

Tá an comhlacht mór deartha idirnáisiúnta ildisciplíneach, BDP, ceaptha ag Comhairle Contae Dhún na nGall leis an Scéim Réimse Poiblí do Lár Baile Stairiúil Ráth Mealtain a chur i gcrích. Is tionscadal athnuachana lár baile é seo, a dhéanfaidh athchóiriú agus athrú ó bhonn ar an bhaile. Tá an tionscadal faoi cheannas Chomhairle Contae Dhún na nGall mar chuid dá clár ardaidhmeannach Athnuachana agus Forbartha le haghaidh láir bhailte ar rud an chontae.

 


Tá seirbhísí comhairleoireachta faighte leis an tionscadal a fhorbairt ó staid reatha an choincheapa tríd an chomhairliúchán poiblí, pleanáil agus dearadh mionsonraithe go dtí tionscadal caipitil atá réidh le haghaidh conartha, agus le himeacht ama (faoi réir Airgead Caipitil a fháil) an tionscadal a thabhairt chun tosaigh trí mhaoirseacht na tógála go dtí an deimhniúchán deiridh agus an t-aistriú freagrachta.

 


Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoi Chiste Athnuachana agus Forbartha na Tuaithe, atá ina phríomhghné de Thionscadal Éireann 2040, agus is toradh é ar chomhoibriú idir an pobal áitiúil agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

 


Agus é ag fáiltiú roimh an dul chun cinn ar an tionscadal go dtí an chéim thábhachtach seo labhair Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach, an Clr. Jimmy Kavanagh faoi thábhacht an tionscadail seo don phobal áitiúil i Ráth Mealtain, agus dúirt sé: ‘déanfaidh sé difríocht mhór do thaitneamhacht agus d’inchónaitheacht an bhaile, agus cruthóidh timpeallacht úr an réimse poiblí deiseanna iontacha agus féidearthachtaí úra le haghaidh cúrsaí sóisialta agus feidhmeanna tráchtála, rud a chuirfidh le caighdeán saoil na ndaoine, agus rud a spreagfaidh agus a thacóidh le gnó sa bhaile, idir seanbhunaithe agus úr, in earnálacha na turasóireachta, fáilteachais agus eile.’

 

 

Tríd an Scéim Réimse Poiblí do Lár Baile Stairiúil Ráth Mealtain, tá muid ag féachaint le lár baile stairiúil agus tráchtála Ráth Mealtain a athchóiriú agus a athrú ó bhonn trí roinnt tograí réimse poiblí, atá comhtháite agus a bhfuil gné oidhreachta ina gcroílár, a bheas deartha chan amháin leis an timpeallacht fhisiciúil a athrú ó bhonn ach lena chois sin an cuspóir sóisialta agus feidhm thráchtála a athbhunú i spásanna poiblí nach mbaintear go leor úsáide astu nó atá tite as feidhm, agus áiteanna tábhachtacha agus ar scála. Cuirfidh sé ar fáil spás fóillíochta agus taitneamhachta, ar ardchaighdeán agus ilfheidhmeach, a léiríonn meas ar an oidhreacht ailtireachta agus ar chaomhnú ailtireachta, atá tuisceanach don timpeallacht agus a leagan síos dúshraith ar a dtig le Ráth Mealtain aistriú go dtí todhchaí ísealcharbóin. Tá sé ina chuid de Phlean Gníomhaíochta ardaidhmeannach, fadtéarmach agus comhoibritheach don bhaile, a dhéanfaidh an chreatlach uirbeach a athrú ó bhonn trí fheabhsúcháin timpeallachta, a dhéanfaidh áit níos tarraingtí do chónaitheoirí agus do chuairteoirí, agus a spreagfaidh agus a thacóidh le gnólachtaí, fiontair, gníomhaíochtaí pobail agus deonacha agus infheistíocht phríobháideach leis an bhaile a athnuachan.

 


Agus é ag caint faoin Scéim Réimse Poiblí do Ráth Mealtain, dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall: ‘Tá lúcháir orainn go bhfuil comhlacht ailtireachta clúiteach ar bord againn le céim na forbartha agus an dearadh mionsonraithe don tionscadal spreagúil seo a chur i gcrích, tionscadal ar féidir leis croílár stairiúil Ráth Mealtain a shlánú agus a athrú ó bhonn don tsúil. Tá an tionscadal seo ina chuid de Phlean Gníomhaíochta níos leithne le Ráth Mealtain a athnuachan, agus is tiomantas suntasach é leis an bhaile luachmhar stairiúil seo a athnuachan agus a athbheochan mar cheann scríbe speisialta ar leith.’
Dúirt Mehron Kirk, Stiúrthóir le BDP agus Bainisteoir an Tionscadail: ‘Is é éiteas deartha BDP é ná Spásanna a Chruthú do Dhaoine agus tá lúcháir orainn a bheith ag obair leis an Chomhairle, leis an phobal áitiúil agus leis na páirtithe leasmhara ar fad chun an tionscadal iontach speisialta seo a fhorbairt go dtí an caighdeán is airde, de réir mhianta an phobail agus de réir na gcuspóirí athnuachana do Ráth Mealtain.’

 

Ramelton Logos

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO