Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Fan sa bhaile agus Fan Slán

21-01-21 Fan sa bhaile agus Fan Slán

Iarrann An Garda Síochána, an FSS agus Comhairle Contae Dhún na nGall ar an phobal fanacht sa bhaile agus fanacht slán agus gach iarracht a dhéanamh leis an víreas a laghdú sa phobal.                                

Ba mhaith leis na trí ghníomhaireacht, mar chodanna den Ghrúpa Bainistíochta ar Éigeandálaí Móra an Iarthuaiscirt, athrá a dhéanamh ar an teachtaireacht thábhachtach seo mar mheabhrúchán  do gach duine sa phobal a sheacht ndícheall a dhéanamh le beatha daoine a shábháil . Is cuidiú tábhachtach é gach uile iarracht a dhéantar.

 

Le 14 lá anuas go dtí an 19 Eanáir, bhí
·       1,894 cás nua dearfach i nDún na nGall

·     Is é  1,189.8 cás Covid-19 in aghaidh gach 100,0000 duine sa phobal an ráta minicíochta thar 14 lá i gceantar Dhún na nGall. 

Cé gur laghdú é seo, tá sé ag tarlú go mall.

Meabhraíonn An Garda Síochána don phobal go leanfar leis na seicphointí seasta agus soghluaiste agus go mbeidh siad ag díriú isteach ar thaisteal nach bhfuil riachtanach trí bheith ar patról sofheiceálach ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt don teachtaireacht seo Fan sa Bhaile / Fan Slán.

 Bhí freagra seasmhach céimithe ag An Garda Síochána agus maoirseacht á déanamh ar Rialacháin Sláinte Phoiblí;  chuaigh siad i dteagmháil leis an phobal, mhínigh siad na rialacháin agus sa chás nach raibh aon rogha eile ann, chuir siad na rialacháin i bhfeidhm.

 

 Sa chás go mbristear na srianta taistil agus nach nglactar le treoir ón Gharda Síochána, is féidir leis an Gharda  fíneáil a ghearradh.

 

De réir an Dr. Anthony Breslin,  Stiúrthóir ar Shláinte Phoiblí an Iarthuaiscirt,  “Tá líon na gcásanna ag laghdú i nDún na nGall ach tá sé seo ag tarlú go mall agus ar luas níos moille ná mar ba mhaith linn. Caithfear a aithint go bhfuil riosca níos airde ann anois ná már a bhí  le linn Fhómhar na bliana seo caite de thoradh ar an ghalrú méadaithe sa phobal.

 

Mar gheall air seo, ní féidir cur chuige réchúiseach a bheith againn i dtaca leis an víreas. Chomh maith leis sin, tá líon na ndaoine san ospidéal agus san Aonad Dianchúram méadaithe agus léiríonn sé seo  a thromchúisí agus atá an galar do gach aoisghrúpa daoine.".

 

Dúirt Seán Murphy, Bainisteoir Ginearálta Oispidéal Ollscoile Leitir Ceanainn,  “Is cúis imní dúinn iad líon na ndaoine le COVID-19 atá san Aonad Dianchúram agus líon na ndaoine atá á gcur san ospidéal mar gheall ar an diagnóis leanúnach atá á dhéanamh ar chásanna sa phobal. Mholfainn do gach duine glacadh leis an chomhairle sláinte phoiblí fanacht sa bhaile agus gan a bheith ag imeacht as baile muna bhfuil cúis riachtanach i gceist.  Má dhéantar é seo, is laige a bheidh leathadh an COVID-19 agus is lú a bheidh an tionchar diúltach ar sheirbhísí sláinte riachtanacha, ar othair agus ar oibrí túslíne.”.

 

Dúirt Terry McGinn, Ardcheannfort Rannán na nGardaí Dhún na nGall agus é ina Chathaoirleach  ar an Ghrúpa Bainistíochta ar Éigeandálaí Móire “Tá tacaíocht phoiblí as cuimse feicthe ag An Garda Síochána  do Threorlínte agus Rialacháin na Seirbhíse Poiblí. Cloíonn formhór an phobail le treoir ón tSeirbhís Phoiblí agus táimid fíorbhuíoch as na híobairtí atá á ndéanamh acu. Caithfimid coinneáil linn.”

 

"Sula dtéann tú isteach sa ghluaisteán,  cuir ceist ort féin an bhfuil do thuras riachtanach? Déan íoslaghdú ar líon na ndaoine a mbíonn tú ag bualadh leo. Nuair a dhéanann tú aclaíocht, déan é taobh istigh de limistéar 5 chileaméadar den teach. Is ionann an 5 chileaméadar seo agus an t-achar a dhéantar chuig áit le haclaíocht a dhéanamh”.

 

Dúirt an tArdcheannfort McGinn , "Tuigimid go bhfuil  sé iontach deacair ar fad dóibh siúd a mhothaíonn  go bhfuil siad ar lagchuidiú agus scoite amach ón phobal.  Táimid anseo le cuidiú a thabhairt,  bíodh go gciallaíonn sé sin go mbaileoimid oideas dochtúra  nó go ndéanfaimid siopadóireacht ar bhur son. Má tá cuidiú de dhíth ort nó má tá aithne agat ar dhuine éigin a bhfuil cuidiú de dhíth air nó uirthi, téigh i dteagmháil le do stáisiún Garda áitiúil, le do thoil”.

 

Dúirt an tUasal John McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na Gall, "Tá Comhairle Contae Dhún na nGall iontach buartha faoi bhorradh na gcásanna le mí anuas,  an tionchar atá aige seo ar dhaoine agus ar a dteaghlaigh,  agus an titim amach a bheidh ann do na hospidéil agus don chóras sláinte phoiblí. Tharla ísliú ar na figiúirí laethúla i nDún na nGall ar na mallaibh agus is údar mór misnigh é sin, ach iarrann an Chomhairle ar gach duine cloí leis na céimeanna sláinte phoiblí. Is eol do chách na céimeanna seo agus tá fianáise ann gur oibrígh siad roimhe seo. Is tábhachtaí ná riamh é seo don choicís atá romhainn – fanaigí sa bhaile más féidir é, nígí bhur lámha go rialta agus cloígí le treoirlínte na Seirbhíse Poiblí.   

 

Is é an rud is tábhachtaí atá le déanamh againn le daoine eile agus muid féin a choinneáil slán ó Covid- 19  ná an chomhairle sláinte phoiblí a leanúint:
- Fan sabhaile, ach amháin má tá cúis riachtanach taistil ann
-  Bí cinnte go níonn tú do lámha go rialta


-  Cleachtaigh sláinteachas maith riospráide

-  Coinnigh 2 mhéadar spáis idir tú féin agus daoine eile

-  Déan iarracht gan lámh a leagan ar do chuid súile, do shrón ná do bhéal

-  Caith maisc nuair a fhógraítear a leithéid a dhéanamh

 

Is féidir tuilleadh eolas agus comhairle a fháil ar COVID – 19 ar  www.hse.ie/coronavirus nó téigh chuig:  https://www.hpsc.ie/a-z/respiratory/coronavirus/novelcoronavirus/surveillance/covid-19outbreaksclustersinireland/

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO