Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm

Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm ag teacht chun críche

Tiocfaidh deireadh le Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm 2021 an deireadh seachtaine seo. Is féile bhliantúil í atá á reáchtáil le 21 bliain anuas agus tá clár cuimsitheach d’imeachtaí idir cheol beo agus imeachtaí liteartha, drámaíochta agus geandrámaíochta beartaithe don deireadh seachtaine seo. Bhí idir cheoltóirí, ealaíontóirí agus aisteoirí cumasacha as Dún na nGall páirteach in imeachtaí na bliana seo a reáchtáladh beo agus ar líne. Beidh imeachtaí an deireadh seachtaine ar siúl i mBealach Féich, i mBaile Átha Seanaidh agus i mBaile Dhún na nGall.

 

‘Amhráin le haghaidh Tráthnóna Fómhair’ i mBaile Dhún na nGall

 

Suigh siar ar do shuaimhneas agus éist le hAmhráin le haghaidh Tráthnóna Fómhair, ócáid a bheas ar siúl ag Cór na gCruach Gorm i gcuideachta Deborah Cunningham (Soprán), Paul Martin (Baratón) agus Evan McGarrigle (Pianó). Cuirfidh siad píosaí ceoil le Benjamin Britten, Emma Langford agus Evan McGarrigle, chomh maith le saothair eile dá gcuid féin óna bhféile cheoldrámaíochta i láthair. Tá stór mór amhrán acu ó réimsí éagsúla ceoil a tháinig chun cinn leis na céadta bliain, ó luathcheol naofa go popcheol an lae inniu. Beidh Amhráin le haghaidh Tráthnóna Fómhair ar siúl in Ionad Pobail Naomh Pádraig, Baile Dhún na nGall, oíche Aoine 15ú agus oíche Shathairn 16ú Deireadh Fómhair ag 8 i.n. Cuir scairt ar 087 223 0349 nó téigh chuig www.donegalbaybluestacks.com le tuilleadh eolais a fháil.


Laethanta Dhroim Sí- Dráma ar líne

 

Ó tharla gur éirigh chomh maith le sraith na bliana seo a chuaigh thart ar líne, tá Maura Logue agus David Ison ar ais leis an dara sraith de Laethanta Dhroim Sí (Drumshee Days). Tá na 1960idí buailte linn agus tá Éire sa Nua-aois ag cúngú ar Dhroim Sí. Tabhair na hathruithe i gceantar beag iargúlta faoi deara, ag am nuair a bhí saol níos réidhe agus níos suaimhní i nDún na nGall. Is aisteoir, drámadóir, stiúrthóir amharclainne agus léiritheoir as Dún na nGall í Maura Logue atá i bpáirt Nora agus bíonn David Ison ina cuideachta chun ceol atmaisféir ó na 1950idí agus 1960idí a sheinm ar an ghiotár acústach agus a chanadh.

Craolfar an tríú heipeasóid ‘Going Nowhere Fast’ oíche Aoine, 15ú Deireadh Fómhair ag 8 i.n agus beidh an eipeasóid dheireanach ar fáil oíche Shathairn, 16ú Deireadh Fómhair ag 8.i.nwww.donegalbaybluestacks.com

 

Slow Place Like Home & Cantinita oíche Aoine seo

 

‘Slow Place Like Home’ a tugtar ar cheol Keith Mannion. Tá Keith ag cur faoi i nDún na nGall agus tá sraith ceirníní leathfhada (EPs) agus trí albam mór le rá eisithe aige. Tá ábhar nua ceoil cosúil le ‘Slow Place Like Home’ á chumadh aige faoi láthair agus lena chois sin, tá sé ina bhall den bhanda ceoil Albanach a bhfuil albam eisithe acu ar na mallaibh agus a bhfuil ainmniúchán faighte aige d’Albam na Bliana ag Duais Cheoil Thuaisceart Éireann. Beidh Cantinita beo ar an oíche fosta, seo píosaí cumadóireachta le Kieran O’Brien agus Patsy O’Kane, beirt atá lonnaithe idir Sligeach agus Dún na nGall agus atá chun aghaidh a thabhairt ar an stiúideo gan mhoill lena gcéad cheirnín leathfhada (EP) a thaifeadadh. Beidh an t-imeacht seo ar siúl in Ionad Ealaíon na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh an Aoine bheag seo, 15ú Deireadh Fómhair. Caithfear áit a chur in áirithe roimh ré trí scairt a chur ar 071 9851375 nó ar líne ag: www.abbeycentre.ie


SISTER BLACK IN IONAD EALAÍON NA MAINISTREACH

 

Seo seó atá scríofa agus curtha i láthair ag Margaret Hannon, aisteoir, amharclannóir agus scríbhneoir atá ag cur fúithi i Ráth Mealtain. Léiríonn Sister Black scéal na banaltra Catherine Black, OBE, oibrí sláinte a bhí sa líne thosaigh le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus atá ag smaoineamh siar ar an saol neamhghnách a chaith sí, saol a thug ó láithreacha catha na Fraince go Cúirt Rí Sheoirse V Shasana í. Choinnigh sí dialann i rith an ama agus d’fhoilsigh sí cuntas den saol corrach a chaith sí ina dírbheathaisnéis, King’s Nurse, Beggar’s Nurse, in 1939. Beidh an seó seo ar siúl in Ionad Ealaíon agus Cultúir na Mainistreach oíche Shathairn, 16 Deireadh Fómhair ag 8 i.n. Caithfear áit a chur in áirithe roimh ré trí scairt a chur ar 071 9851375.

 

Tráthnóna liteartha le Séamus O’Reilly, Jess Mckinney & Emily Cooper

 

Tabharfaidh coimeádaí liteartha na féile, Denise Blake blaiseadh dúinn de shaothar liteartha triúr mórphearsana litríochta ón Iarthuaisceart - Séamas O’Reilly, Emily Cooper and Jess McKinney ag ócáid léamha a bheas ar siúl in Ionad Ealaíon na Mainistreach, tráthnóna Dé Domhnaigh ag 3.i.n, seo imeacht deireanach na féile. Séamas O’Reilly- Foilsíodh a bheathaisnéis ‘Did Ye Hear Mammy Died?’, níos luaithe an samhradh seo agus tá sí ar bharr an mhórchuid de liostaí don leabhar is mó díol in Éirinn. Jess McKinney- Is file agus buaiteoir d’Ollúnacht Éigse Éireann í a raibh a cuid filíochta foilsithe sna hirisí The Moth, The Stinging Fly and Banshee. Foilseofar a céad paimfléad,Weeding gan mhoill. Emily Cooper- Is file agus scríbhneoir í a bhfuil a cuid saothair foilsithe sna hirisí The Stinging Fly, Banshee agus Poetry Ireland Review. Bhronn Comhairle Ealaíon an Gradam An Chéad Ghlúin Eile uirthi in 2019 agus foilsíodh a céad saothar filíochta Glass, an samhradh seo. Caithfear áit a chur in áirithe roimh ré, cuir scairt ar Ionad Ealaíon agus Cultúir na Mainistreach ar 071 9851375,

 

Is iad Rannóg an Chultúir, Comhairle Contae Dhún na nGall a chuireann Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm i láthair bliain i ndiaidh bliana. Tá cómhaoiniú á dhéanamh ar an fhéile ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhair leis an Chomhairle Ealaíon. Thug Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm tacaíocht d’ealaíontóirí agus do cheoltóirí le 21 bliain anuas agus cuireadh drámaíocht, ceol d’achan chineál, ealaíon do dhaoine óga, amharc-ealaíona, ceardaíocht, taispeántais agus imeachtaí liteartha ar fáil do phobail ar fud dheisceart agus iardheisceart Dhún na nGall. Caith súil ar www.donegalbaybluestacks.com

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO